Castaí gan choinne

Póilín Ní Chiaráin
Castaí gan choinne

Bliain stairiúil a bhí ann ó thuaidh, bliain inar tharla mórán nach raibh coinne leis, a deir Póilín Ní Chiaráin

Tháinig sé gan choinne. Cruinniú speisialta ag an DUP chun glacadh le margadh a bhí déanta ag Jeffrey Donaldson agus buíon bheag dá chomhghleacaithe le rialtas na gCaomhach faoi cheannas Rishi Sunak. Rinne Donaldson iomarca gaisce as a mhargadh, mhairfeadh an teorainn iarBhreatimeachta i Muir Éireann ach ghlac an páirtí lena mholadh go gcuirfí deireadh lena mbaghcat ar Stormont tar éis dhá bhliain.

Cor stairiúil ab ea é. Dé Sathairn an 3 Feabhra in Stormont, dearbhaíodh Michelle O’Neill, Sinn Féin, ina céad-aire san áras a bunaíodh mar shiombail ar fhorlámhas aontachtach i dTuaisceart Éireann. Roghnaigh Jeffrey Donaldson an Teachta Tionóil comhthofa, Emma Little-Pengelly chun a bheith ina leaschéad-aire le O’Neill. Is comhoifig í an chéad-aireacht agus leas-chéad aireacht, ach go siombalach bhí O’Neill sa chéad áit agus DUP tánaisteach. Athrú ré ab ea é, an bheirt bhan ag glacadh páirt in imeachtaí a bhain leis an traidisiún eile. Ní léir fós an taispeántas é seo nó an bhfuil brí leis.

Thóg sé achar fada ar an bhFeidhmeannas clár rialtais a sholáthar; ní raibh sé thar mholadh beirte, liosta tosaíochtaí gan spriocanna. Údar díomá ab ea é i réigiún ina bhfuil lear mór daoine ag brath ar bhancanna bia nach raibh scéimeanna ann chun déileáil le bochtanas, gan trácht ar spriocanna.

Tá siad ag iarraidh a dhul i ngleic le foréigean in aghaidh na mban; géarchéim is ea é, nós seanbhunaithe atá ag dul in olcas. Siad na dúshláin mhóra eile caoi a chur ar an tseirbhís sláinte agus ar an gcóras oideachais. Fadhb mhór ab ea fuath chiníoch agus círéibeacha i mbliana, tá gá le cur chuige dearfach; ní mór freisin tithe a thógáil - agus Páirc Mhic Easmuinn. Má táthar chun a chur ina luí ar an bpobal gur bhuntáiste dóibh rialtas díláraithe caithfidh Stormont a bheith níos éifeachtaí as seo amach, go háirithe ó tá méadú ar a mbuiséad ó Westminster don bhliain seo chugainn.

Bhí ardmheas ag an bpobal ar Michelle O’Neill; ba í an ceannaire ba mhó tacaíocht í sna pobalbhreitheanna go dtí an ceann is deireanaí. Tharraing a freastal ar shearmanas na bpoipíní cáineadh ó phoblachtánaithe a dúirt gurbh fheall é agus ó roinnt aontachtaithe a thug cur i gcéill air. Dúirt sí go ndearna sí é i gcruthúnas gur céad-aire ‘don bpobal ar fad’ í.

Bhí a tacaíocht tite ó 53% go 41% sa tseachtain roimhe sin áfach nuair a rinne Lucid Talk an suirbhé le haghaidh pobalbhreith an fhómhair. Is féidir talamh slán a dhéanamh de gur thit a ráta sástachta i ngeall ar na scannail faoin chaoi ar láimhseáil an páirtí cásanna a bhain le sábháilteacht daoine óga. Rinne siad botúin thubaisteacha i gcás an phéidifiligh, a n-iar-phreasoifigeach Michael McMonagle, agus bhí a gcur chuige ciotach nuair a tháinig an mhíbhainistíocht chun solais. Thóg sé achar rófhada orthu a dhul i ngleic le ceisteanna dlisteanacha, iad cosantach seachantach.

Is le Teach Laighean a bhain cás Niall Uí Dhonnghaile. Níor bhris sé aon dlí ach bhí sé caite amach as an bpáirtí parlaiminte nuair a mhol ceannaire Shinn Féin go haer é, beag beann ar a éifeacht sin ar an té a rinne gearán faoi theachtaireacht mhíchuí. Ní hamháin go raibh an páirtí spárálach leis na fíricí go dtí go mb’éigean a bheith oscailte ach chothaigh sé an tuairim gur mhó tábhacht a bhí le híomhá Shinn Féin ná le dea-rialachas.

Ar éigean a thit tacaíocht an pháirtí i dTuaisceart Éireann áfach. Tá Sinn Féin fós ar an bpáirtí is mó ag 29% (-1), 10 bpointe chun tosaigh ar an dara páirtí, an DUP. Nuair a choinnigh siad a seacht suíochán Parlaiminte san olltoghchán i mí Iúil bhí siad ar an bpríomhpháirtí ag gach leibhéal – sna comhairlí áitiúla, i Stormont agus in Westminster. Ní raibh siad an-imníoch faoi thitim 1% i bpobalbhreith.

Ní mar sin don DUP. A leithéid de bhliain a bhí acu. Bhí na sála tugtha leo, ag filleadh ar Stormont d’ainneoin míshástacht an fhreasúra sa pháirtí agus lasmuigh de nuair a bhuail splanc thintrí iad. Maidin Aoine an Chéasta d’fhógair siad go raibh Jeffrey Donaldson imithe as an gceannaireacht agus as an bpáirtí, é cúisithe as cionta gnéis stairiúla. Ghlac Gavin Robinson, feisire Parlaiminte Bhéal Feirste Thoir leis an gceannaireacht eatramhach. Dearbhaíodh é mar cheannaire tamall roimh olltoghchán Westminster i mí Iúil.

Toghchán tubaisteach ab ea é, chaill siad trí shuíochán agus ba dhóbair dóibh péire eile a chailliúint. Cúigear feisirí dá gcuid a toghadh, an líon céanna a bhí acu in 2001. Bhain Sorcha Eastwood an Alliance Gleann an Lagáin, áit a raibh Jeffrey Donaldson ina fheisire ó 1997, fuair Robin Swann UUP an ceann is fearr ar Paul Girvan DUP in Aontroim Theas agus, san toradh ba dhrámatúla ar fad, chuir Jim Allister an TUV deireadh le réimeas mhuintir Paisley in Aontroim Thuaidh.

Bhí baint ag scannal Donaldson lena dturnamh gan dabht ach bhí an treocht soiléir roimhe sin. Mar a dúirt an té a dúirt faoi bhancbhriseadh, bhí an meath ag tarlú de réir a chéile ar feadh achair agus ansin, de phreib, an titim. Tá an lagú fite fuaite lena gcur chuige maidir le Breatimeacht.

In 2017 ba iad an páirtí ba mhó in Stormont agus bhuaigh siad dhá shuíochán Parlaiminte sa bhreis, 10 gcinn san iomlán. Bhí cóimheá na cumhachta acu in Westminster ach toisc go raibh siad tiomanta don Bhreatimeacht crua, ag obair i gcomhar le heite dheis na gCaomhach is faoi gheis ag Boris Johnson, chuir siad an deis amú. Tá an téiléireacht á híoc acu ó shin, ag cúlú sna toghcháin in 2019, 2022 agus i mbliana. Cupán nimhe a fuair Gavin Robinson nuair a ghlac sé ceannas.

D’athraigh dhá pháirtí eile a gceannairí freisin. D’éirigh an feisire Colum Eastwood as ceannaireacht an SDLP agus tháinig an feisire Claire Hanna i gcomharbacht air. Tá sise ar cheann an chomhairimh i measc na gceannairí go léir, de réir pobalbhreithe, a ráta sástachta méadaithe 15% go 54% agus ardú de bheagán ar thacaíocht a páirtí. Tá ceannaire nua an UUP, Mike Nesbitt sa dara háit, ag 46%. Ní raibh an t-athrú san UUP chomh suairc leis an SDLP. D’éirigh Doug Beattie as de bharr aighnis lena chuid oifigeach féin d’ainneoin suíochán Parlaiminte a bheith buaite ar ais ag an UUP tamall gearr roimhe sin. Ní dhearna Alliance dul chun cinn san olltoghchán –ní léir an stop leis an bhfás é nó sos.

Bhí oidhreacht na dTrioblóidí ag déanamh tinnis dá lán in 2024. Ar an gcéad lá de Bhealtaine tháinig Acht conspóideach na dTóraithe i bhfeidhm chun stop a chur le fiosruithe, cúisimh agus ionchoisní i dtaca le heachtraí le linn na dTrioblóidí. Sna míonna roimhe sin cuireadh stop le roinnt ionchoisní mar go raibh faisnéis rúnda á ceilt ag an stát, cróinéirí agus breithiúna ag rá gur ghá fiosruithe poiblí chun an t-ábhar folaithe a scrúdú.

Bhí geallúint tugtha ag Keir Starmer go n-aisghairfeadh sé an tAcht Oidhreachta nuair a bheadh sé i gcumhacht. Údar díomá é ag íobartaigh nach bhfuil sé sin déanta ó d’éirigh leis san olltoghchán. Cé gur cheadaigh rialtas na Breataine fiosrú poiblí faoi mharú an dlíodóra Pat Finucane - mar a gealladh nuair a bhí Tony Blair i gcumhacht tá an t-eiteachas tugtha d’éilimh na gcróinéirí ar fhiosruithe poiblí. Tá an Státrúnaí nua Hilary Benn diongbháilte go bhfágfar na cásanna sin faoin Choimisiún Neamhspleách um Athmhuintearas agus Faisnéise [ICRIR], a bunaíodh faoin acht. Níl formhór na n-íobartach toilteanach déileáil leis an gCoimisiún.

Bhí rialtas Starmer ag súil go n-aistarraingeodh rialtas na hÉireann a gcás sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine in aghaidh na Breataine maidir leis an Acht ach faoiseamh do mhórán é nár bhog siad. Tuige a ndéanfadh is gan tada déanta ag an mBreatain chun an tAcht a chealú? Ceist do cibé rialtas nua a bheas i mBaile Átha Cliath.

Póilín Ní Chiaráin

Is iriseoir agus craoltóir í Póilín Ní Chiaráin.