Sos cogaidh? 

Tar éis trí bliana ag cosaint a dtíre, tá an chuma air go bhfuil na hÚcránaigh nach mór spíonta, a deir Máirtín Ó Duibhir

Tá an cogadh san Úcráin ar siúl le trí bliana anuas, ach mar gheall ar thoghchán an Uachtaráin Trump is cosúil go bhfuil an chuid is déine den choimhlint – an cogadh dearg – ag druidim chun deiridh faoi láthair. Tharla an tréimhse ba chinniúnaí den chogadh ar an talamh in 2022 nuair a d’éirigh leis na Rúisigh ionradh a sheoladh inar gabhadh stráice mór talún siar ó chúige Donetsk ar theorainn na Rúise leis an gCrimé. Ach d’éirigh leis na hÚcránaigh an t-ionradh a stopadh timpeall chathair Cív agus cuid mhaith de chúige Kharkiv san oirthuaisceart agus cuid de chúige Kherson ar bhruach thiar abhainn an Dnipro sa deisceart a athghabháil.

Cé go bhfuil an cogadh tar éis éirí ní ba dhéine mí i ndiaidh míosa ó bhí 2022 ann – meastar go raibh mí na Nollag 2024 ar an mí ba mheasa ó thaobh líon na n-ionsaithe ar an talamh de – níor gabhadh ná níor athghabhadh mórán talún in 2023 ná in 2024. Cinnte d’éirigh leis na Rúisigh ní ba mhó talún a ghabháil, go háirithe in 2024, ach níor éirigh leo an méid céanna a ghabh siad in 2022 a fháil ná baol air.

Le dhá bhliain anuas, tá cogadh tnáite ar siúl agus mar gheall air seo tá an tacaíocht a fhaigheann an dá thír óna gcomhghuaillithe i bhfad níos tábhachtaí ná mar a bhí sí ag tús an ionraidh. Beidh tionchar níos mó ag comhghuaillithe na hÚcráine agus an cogadh dearg ag druidim chun deiridh toisc go bhfuil an Úcráin ag brath níos mó orthu ná mar atá an Rúis ag brath ar a comhghuaillithe féin.

Comharthaí traochta

Ach tar éis trí bliana ag cosaint a dtíre, tá an chuma air go bhfuil na hÚcránaigh nach mór spíonta. Tá talamh á chailleadh acu ar ráta níos mó ná mar a bhí in 2023 agus tuairiscítear go bhfuil níos mó saighdiúirí ag tréigean ná roimhe seo. Gan amhras tá muintir na hÚcráine ag fulaingt i bhfad níos mó ná muintir na Rúise mar gheall ar an damáiste atá déanta d’aiseanna giniúna leictreachais ag ionsaithe diúracáin na Rúiseach.

Léirítear sna pobalbhreitheanna is déanaí go bhfuil níos mó daoine ná riamh sa tír sásta na críocha gafa a ghéilleadh sa ghearrthéarma chun deireadh a chur leis an gcogadh dearg nó chun sos cogaidh gearrthéarmach a bhunú.

Tá comharthaí ann freisin go bhfuil níos lú muiníne ag muintir na hÚcráine as cuid de chomhghuaillithe an iarthair, agus is éasca a thuiscint cén fáth. Mar shampla, gheall na Ceanadaigh córas frith-aerárthaí amháin dóibh in 2022 ach ní bhfuair siad an córas go dtí deireadh 2024. Measann na hÚcránaigh go bhfuair siad níos lú ná 40% den chúnamh a bhí geallta dóibh go dtí seo.

Ina theannta sin, tá sé ráite ag Trump gur beag seans go bhfaighidh siad cúnamh míleata breise ó na Stat Aontaithe as seo amach.

Ach tá comharthaí go bhfuil siadsan ag éirí traochta á léiriú ag na Rúisigh chomh maith, go háirithe ó thaobh na n-acmhainní míleata a chuireann siad chun catha. Mar gheall ar easpa feithiclí armúrtha troda, mar shampla, rinne siad roinnt ionsaithe ar an talamh le déanaí i gcarranna sibhialtacha san ais is tábhachtaí dóibh timpeall chathair Pokrovsk sa Donbas.

Tá deacrachtaí áirithe earcaíochta acu, amhail na hÚcránaigh, agus tá siad ag brath ar thrúpaí ón gCóiré Thuaidh chun an ceantar i gCúige Kursk a athghabháil ó na hÚcránaigh.

Anuas air seo tá deacrachtaí gheilleagar na Rúise, lena n-áirítear an ráta boilscithe, an ráta úis agus ráta malairte an rúbail, á gcáineadh ag roinnt tráchtairí sa tír. Cé nach bhfuil mórán suime ag muintir na tíre i rátaí malairte, má tharlaíonn hipearbhoilsciú cruthóidh sé seo deacrachtaí don rialtas.

An Bord idirbheartaíochta

Nuair a aithneoidh an dá thaobh go bhfuil an choimhlint i sáinn agus gur mó an buntáiste dóibh a bhainfeadh le dul chuig an mbord idirbheartaíochta ná leanúint leis an troid, beidh deis ansin iad a mhealladh chuig cainteanna. Cé nach bhfuil an dá thaobh ag an bpointe sin go fóill, tá an Úcráin i bhfad níos cóngaraí don phointe sin ná mar atá an Rúis.

Tá sé ráite ag Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy cheana féin go bhfuil sé réidh chun dul i mbun cainteanna agus go bhfuil glactha aige, a bheag nó a mhór, go gcuirfear ceist na gcríocha gafa ar leataobh go dtí i ndiaidh an tsosa cogaidh. Tuigeann sé freisin go ndéanfaidh na Meiriceánaigh gach iarracht an dá thaobh a mhealladh chun glacadh le sos cogaidh chomh luath agus is féidir leo.

Beidh drogall orthu glacadh leis an mbrú go dtí go mbeidh siad in ann a chinntiú roimh ré go bhfaighidh siad barántas slándála. Ach níl na comharthaí rómhaith maidir le haon bharántas a d’fhéadfadh a bheith ann. Tá sé molta ag na Meiriceánaigh nach mbeadh deis acu a bheith mar bhallstát de NATO go ceann deich mbliana eile ar a laghad.

Ní bheadh aon mhuinín acu as barántais nó gealltanais ó thíortha móra an iarthair ach oiread, amhail mar a fuair siad nuair a thug siad a gcuid arm núicléach ar láimh i 1994. Má bhíonn i bhfad níos mó arm á dtairiscint ag tíortha an iarthair in ionad barántas slándála, cé go bhfuil na hacmhainní acu iad a sholáthar, beidh na hÚcránaigh amhrasach go mbeidh siad in ann an beart a dhéanamh de réir a mbriathar mar gheall ar athruithe polaitíochta sna tíortha céanna.

Ag tús an chogaidh, leag na Rúisigh rompu mar sprioc amháin seilbh a ghlacadh ar an Donbas ar fad, lena n-áirítear cúige Donetsk agus cúige Luhansk. Cé go bhfuil cúige Luhansk faoina seilbh a bheag nó a mhór, tá thart ar thrian de chúige Donetsk faoi sheilbh na nÚcránach go fóill. Toisc go bhfuil siad céim chun tosaigh sa chúige faoi láthair agus ar tí cathair Pokrovsk a thimpeallú nó a ghabháil beidh drogall orthu glacadh le sos cogaidh go luath.

Ina theannta sin, tá na hÚcránaigh fós lonnaithe i gcuid de chúige Kursk sa Rúis agus níl comharthaí ar bith ann go nglacfaidh an Rúis le sos cogaidh go dtí go ndíbreoidh siad iad ón gcúige sin.

Sos cogaidh

Cé gur léir go bhfuil agus go mbeidh Meiriceá in ann brú a chur ar an Úcráin, níl sé róshoiléir cén saghas brú a d’fhéadfadh siad a chur ar an Rúis. Ach tá míreanna margáintíochta fós acu chun iallach a chur orthu: smachtbhannaí breise a chur i bhfeidhm, brú eacnamaíochta ar leibhéal áirithe a chruthú agus i bhfad níos mó den chúnamh míleata a chur ar fáil don Úcráin. Má chuireann na Meiriceánaigh na bagairtí seo i bhfeidhm, agus níl fianaise ar bith ann go gcuirfidh, tógfaidh sé am chun go mbeidh tionchar acu ar na Rúisigh agus ar dhul chun cinn an chogaidh ar an talamh.

Tá tráchtairí áirithe san Úcráin ag súil go ndéanfaidh an tUachtarán Trump an beart chun na Rúisigh a mhealladh chun glacadh le sos cogaidh, ach beidh cuid mhaith de mhuintir na tíre ag súil nach ionann an dearcadh seo agus comhairle seachas toil.

Má chuirtear sos cogaidh i bhfeidhm am éigin in 2025, cén seans go mairfidh sé?

Má ghlacann na hÚcránaigh le sos cogaidh gan barántas slándála docht daingean, beidh cathú ar na Rúisigh leanúint leis an ionradh toisc go bhfuil siad céim chun tosaigh sna láithreacha cogaidh éagsúla agus go bhfuil na hacmhainní acu sa ghearrthéarma.

Má ghéilleann siad don chathú, beidh siad ag dul sa seans nach gcuirfeadh na Meiriceánaigh i gcrích na bagairtí cúnamh breise a thabhairt do na hÚcránaigh, nó bagairtí eile, a chur i gcrích. Beidh siad ag déanamh talamh slán de go dtabharfaidh na Meiriceánaigh neamhaird ar an bhfilleadh chun catha agus go mbeidh siad den tuairim gur bhain siad a sprioc amach sos cogaidh a chur i bhfeidhm agus nach gá dóibh aon rud eile a dhéanamh.

Má tharlaíonn sé seo, beidh na hÚcránaigh ag brath níos mó ar chúnamh agus tacaíocht ó thíortha móra na hEorpa ná riamh, rud nach bhfuil mórán muiníne acu as.

Iaroifigeach Airm & scríbhneoir is ea Máirtín Ó Duibhir