Doirse


Deireadh an lae, titim na hoíche
Tá na doirse in áras Dé ris sna reanna
An doras isteach, an doras amach, an doras ar chruthú
A raibh ann, a mbeidh ann,
A dtáinig, a dtiocfaidh,
Ar tharla, a dtarlóidh
Na haimsirí ag plabadh an chlapsholais bhuí
Ina smidiríní le go dtiteann lasracha neimhe
Anuas isteach i gcraobhacha na n-iúr cois cladaigh
Agus bláthaíonn lóchrainn naofa ar talamh.