Sa tóir ar ár gcló ceart

Sa tóir ar ár gcló ceart

Ba gheall le timthriall athfhillteach ceist an chló, a deir Seosamh Ó Murchú

Agus an stát nuabhunaithe tar éis cogadh cathartha nimhneach a chur de bhí na buaiteoirí i gceannas an rialtais. Bhí an ciste beagnach folamh agus a raibh fágtha d’fhís na poblachta agus an neamhspleáchais le fíorú acusan. Bhí an Ghaeilge ina cuid thábhachtach den chúram sin agus b’fhéidir ina ceirín le cneácha na gcarad. Ról na Gaeilge sa stát nua, agus sa chóras oideachais go háirithe, bhí cinntí le déanamh acu ina thaobh. Ceann acusan ba ea bunú an Ghúim agus taobh leis sin ‘gaelú an chórais oideachais’ mar a thug Seoirse Mac Niocaill air. Bhí ceist cé acu cló a d’úsáidfí san obair sin i measc na gcinntí úd. Bhain castachtaí áirithe le pé socrú a dhéanfaí faoi. Bhí cúraimí na Dála agus an chomhfhreagrais oifigiúil ar fad á gcur i gcrích sa chló rómhánach ón gcéad lá. Mar sin féin go leor dá raibh foilsithe le leathchéad bliain roimhe sin ba sa chló gaelach a bhí.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús