Ag plé ‘Englishing’ a leabhair le m’athair
Ruairí Ó hEithir
Is deacair a chreidiúint go bhfuil caoga bliain imithe ó foilsíodh Lig Sinn i gCathú (nó go bhfuil tuilleadh is tríocha a cúig bliana imithe ó cailleadh Breandán). Ní cuimhin liom go dearfa cén aois a bhí mé nuair a thuig mé den chéad uair go raibh úrscéal idir lámha ag m’athair (cinnte bhí mé fós ar an mbunscoil) ach tá fhios agam nár chuir sé iontas ar bith orm nuair a chuala mé é tar éis an méid cainte a bhí sa chlann faoina bheirt uncailí Liam agus Tom Ó Flatharta. Ach de réir mar a chuaigh na blianta thart, tháinig iontas orm faoi cén chaoi a raibh ag éirí leis.
Ar ndóigh, níorbh í seo an cineál ceiste a d’fhéadfainn a chur ar m’athair go díreach (sin rud a d’fhoghlaim mé luath go leor); mar sin, d’fhiafraigh mé de mo mháthair. ‘Bhuel,’ a dúirt sí tar éis seal beag machnaimh a dhéanamh, ‘caithfimid fanacht go bhfuil daoine áirithe imithe ar shlí na fírinne sula mbeidh sé sábháilte é a fhoilsiú.’ Bhí mé sean go leor agus mo dhóthain eolais agam ar shaol agus cúrsaí na hÉireann faoin am ar chuir mé an cheist gur shásaigh an freagra mé. Ansin, nuair a foilsíodh an leabhar mí na Márta 1976 (cúpla mí sula ndearna mé an Ardteist), dúirt mé le m’athair go raibh ceist fhíorthábhachtach agam le cur air. Bhreathnaigh seo orm agus cuma an-dáiríre air, ag súil le rud éigin suntasach. ‘Abair liom, cé hiad go díreach na daoine a raibh orthu bás a fháil le go bhféadfaí an leabhar seo a fhoilsiú anois?’ Ar ndóigh, bhí dearmad glan déanta agam gurbh í mo mháthair a dúirt sin.
Bhí an-bhród air faoi cé chomh maith agus a d’éirigh leis an leabhar, go háirithe nuair a d’aimsigh (agus choinnigh) sé an chéad áit ar an Bestsellers list. Ar an iomlán, is moladh a fuair an leabhar agus, cé go raibh roinnt den cháineadh ann (agus níor dhuine é Breandán a ghlac go héasca lena leithéid), is sásamh seachas a mhalairt a bhain sé as ráitis faoi ‘litríocht leithris’ agus Máire Mhac an tSaoi ag rá go raibh sé ‘obsessively concerned with all that is most actively repellent in our existing way of life’.
Níorbh fhada gur thug Breandán faoin leabhar a aistriú go Béarla agus is obair níos deacra a bhí ann ná mar a cheap sé. Tá mo chuimhní faoi seo níos soiléire toisc gur shocraigh mé briseadh bliana a ghlacadh idir an chéad agus an dara bhliain i UCD agus bhí mé timpeall an tí agus é ag streachailt leis an téacs. An rud a sheasann amach ná an crá croí a d’fhulaing sé ag iarraidh teacht ar rud éigin i mBéarla leis an ‘mbotún’ ar an bhForógra a léiriú (‘siad a d’adhain an tine beo/bheo’). Dúirt mise go mbeadh sé an-deacair toisc nach raibh a leithéid de rud ann i mBéarla (an-chabhair go deo mar ráiteas anois ó smaoiním siar air). Maidin amháin, d’fhógair sé go raibh sé ag dul amach ag siúl agus nach bhfillfeadh sé go dtí go raibh réiteach aimsithe aige. Cúpla uair ina dhiaidh sin (agus dar leis chaith sé an t-am ar fad ag siúl na comharsanachta), leaindeáil sé isteach an doras tosaigh agus é ag béiceadh ‘fanned the flames to life’!
Bhuel . . . ba leor é, agus toisc gurb é an t-aon chonstaic shuntasach a bhí fágtha thuig mé an faoiseamh a bhain le rud éigin a bheith aimsithe aige, ach (mar a d’admhaigh sé féin), bhí sé truamhéalach i gcomparáid leis an leagan Gaeilge. Agus sin an chuimhne is láidre atá agam faoin leagan Béarla: b’obair throm a bhí ann. Tá cuimhne shoiléir agam ar lá ar iarr sé orm píosa le John Jordan i Scéala Éireann a léamh agus insint dó ‘go hionraic’ ar aontaigh mé leis. Scríobh Jordan (mo bhuíochas do leabhar Liam Mac Con Iomaire ina bhfuair mé an téacs cruinn) go raibh an leagan i mBéarla níos laige, nach raibh fuinneamh nó beocht na gcuntaisí nó an cur síos ar na carachtair inchurtha leis an leagan bunaidh. Agus dúirt sé ‘perhaps . . . Mr Ó hEithir should have left the Englishing of his book to someone else’. Agus an píosa léite agam, bhreathnaigh m’athair orm agus d’fhiafraigh, ‘Bhuel, céard é do bharúil faoi sin?’
Bhí mé i sáinn: d’aontaigh mé le Jordan ach ba chuimhin liom uaireanta eile nuair a cháin mé...bhuel, sin focal láidir...nuair a dúirt mé nár aontaigh mé go hiomlán le gné éigin den leabhar, nach mó ná sásta a bhí sé le mo thuairim ‘ionraic’ (níor thuig mé riamh, mar shampla, cén fáth ar roghnaigh sé ‘Melody’ mar aistriúchán ar ‘Ó Méalóid’ ach thuig mé ina dhiaidh sin, agus go ródhéanach, go mb’fhéidir gurbh fhearr an tuairim sin a choinneáil agam féin).
Sa chás seo, ba léir nach bhféadfainn aon éalú as an ngaiste ina raibh mé. Sa deireadh, d’inis mé an fhírinne dó: thaitin an leabhar liom i mBéarla ach ní raibh comparáid ar bith idir líofacht, neart, agus cumhacht na Gaeilge i Lig Sinn i gCathú agus an leagan seo. ‘Tá an ceart agat’ a dúirt sé. ‘As seo amach, scríobhfaidh mé i nGaeilge nó scríobhfaidh mé i mBéarla ach ní thabharfaidh mé faoi aistriúchán arís.’
Ar ndóigh, níorbh fhíor sin go hiomlán mar thug sé faoi aistriúchán a dhéanamh ar Chré na Cille; chríochnaigh sé trí shliocht a chuir sé faoi bhráid na Comhairle Ealaíon ag súil le deontas leis an leabhar ar fad a dhéanamh, ach níor tháinig aon rud as. Ach measaim féin go raibh an ceart ar fad ag John Jordan (fear, ba chóir a rá, a raibh ardmheas ag Breandán air): ní cóir do scríbhneoirí próis (is ceist eile ar fad í an fhilíocht) a saothar féin a aistriú agus is leor comparáid idir Lig Sinn i gCathú agus Lead Us Into Temptation leis sin a léiriú.