An stair sa scéal
Tá gach uile mhír de chamchuairt Mháirtín Uí Mhéalóid tríd chathair na Gaillimhe deireadh seachtaine na Cásca 1949 ar maos le tagairtí staire, a deir Gearóid Ó Tuathaigh
Ina shaothar bunúil ar Úrscéalta Stairiúla na Gaeilge (1993), tá an méid seo ag Breandán Delap: ‘Cé gur mhó den Bildungsroman atá san úrscéal Lig Sinn i gCathú le Breandán Ó hEithir …tá fógairt na Poblachta nua mar chúlra air agus tá an stair fite fuaite sa phlota dá dheasca’. Is fíor dhó. Ach, ní hamháin go bhfuil eachtra stairiúil ina cúlbhrat don scéal, ach tá gach uile mhír de chamchuairt Mháirtín Uí Mhéalóid tríd chathair na Gaillimhe deireadh seachtaine na Cásca 1949 ar maos le tagairtí staire: sa tslí is go bhféadfaí a rá gur lú go mór an blas a gheobhaidh léitheoir ar an scéal – agus fiú an sásamh a bhainfidh sé as prós spleodrach Uí Eithir – gan comhthéacs staire, dá ghairbhe é, a bheith aige. Is chuige sin an aiste ghairid seo.
---------------
I Márta na bliana 1946 thug Winston Churchill óráid cháiliúil i Fulton, Missouri, inar thagair sé do chríochdheighilt a bhí ag teacht i réim trasna na hEorpa, ó chósta Mhuir Bhailt soir ó dheas go dtí na Balcáin. An ‘cuirtín iarainn’ a bhaist sé ar an gcríochdheighilt seo. Sconsa daingean idé-eolaíoch agus polaitíochta a bhí i gceist aige: ar an dtaobh thiar de, na stáit ina raibh an córas caipitlíoch i réim, go fiú is go raibh an mhór-roinn uile lagaithe go mór ag an gcogadh, cuid mhaith di scriosta ar fad. Bheadh atógáil ó bhonn le déanamh, ní hamháin ar an mbonneagar fisiciúil ach ar an eacnamaíocht trí chéile, gan trácht ar chneasú na gcréacht síceolaíoch agus soch-chultúrtha a d’fhág an cogadh ar phobail dhifriúla ar fud na mór-roinne.
Bheadh an atógáil sin ar an gcóras caipitlíoch – agus ar na stáit éagsúla a bhí chun cloí leis – le déanamh faoi choimirce (i ndáiríre faoi stiúir) Stáit Aontaithe Mheiriceá, príomhbhuaiteoir an chogaidh, príomhchumhacht mhíleata agus eacnamaíochta an domhain mhóir. Faoi choimirce SAM a bunaíodh na príomhinstitiúidí polaitíochta agus taidhleoireachta idirnáisiúnta nua (Na Náisiúin Aontaithe, Meitheamh 1945), agus na forais téarnaimh don gcóras idirnáisiúnta caipitlíoch - IMF, Banc Domhanda 7rl. Agus, ar ndóigh, ba é Plean Marshall (1948) a chuir na hacmhainní ar fáil le haghaidh atógáil eacnamaíoch na hEorpa.
Más ag breathnú chun cinn a bhí Churchill, ní féidir locht a fháil ar a ghrinneas tairngreachta: mar gurbh iad na blianta 1947 go 1949, b’fhéidir, na blianta cinniúnacha le haghaidh tógáil an chuirtín iarainn seo. Ar an dtaobh thoir den gcríochdheighilt nua, bhí an córas cumannach ag leathnú go mear, faoi choimirce an Aontais Shóivéadaigh agus Stalin. Ainneoin ar fhulaing sí sa chogadh, ba í an Rúis an phríomhchumhacht mhíleata ar theorainn oirthear na hEorpa, agus go deimhin, san Áise féin, chomh fada soir le Vladivostok. Bhí cumannaigh chun cinn sa bhfreasúra in aghaidh an fhaisisteachais i bhformhór na Stát Eorpach ó 1917 i leith.
Anois, agus Hitler buailte, bhí i gceist ag Stalin an cumannachas a chur i réim – oiread agus ab fhéidir – sna críocha sin in oirthear agus i lár na hEorpa a bhí ‘fuascailte’ (cuid acu le cúnamh an airm Shóivéadaigh) ó ansmacht Hitler. Bheadh iomaíocht, más ea, ag SAM agus dúshraith nua á leagan síos don Eoraip. Bheadh gné straitéiseach slándála agus mhíleata leis an iomaíocht sin: NATO (comhghuaillíocht chosantach mhíleata) bunaithe faoi choimirce SAM do stáit an iarthair (1948), agus Comhaontú Vársá ag Stalin san oirthear faoi 1955.
Cár fhág na heachtraí cinniúnacha domhanda seo oileán iathghlas Éireann?
Bhí críochdheighilt in Éirinn, ar ndóigh, ó 1920-22; agus bíodh is nach raibh cuirtín iarainn trasna na tíre, bhí an drong ceannais i dTuaisceart Éireann (Aontachtóirí) ar a ndícheall ón dtús chun féiniúlacht eisiach Bhriotanach a neadú agus a fhógairt i ngach uile ghné den saol poiblí sna sé chontae. Bhí an díograis chéanna ó dheas ag fógairt chaithréim na féiniúlachta Éireannaí.
Ach bhí an mórphobal náisiúnach ó dheas scoilte, chomh maith: go háirithe ag na páirtithe a shíolraigh ó Shinn Féin – láithreach nó níos déanaí - nuair a scoilt an ghluaiseacht mar gheall ar an gConradh Angla-Éireannach i 1921: Cumann na nGaedheal (1922) agus Fianna Fáil (1926). Ar ndóigh, d’fhág an scoilt faoin gConradh agus an Cogadh Cathartha gránna a lean í lorg nimhneach ar pholaitíocht an tSaorstáit. Ghin sé foclóir fairsing sciolladóireachta ar an dá thaobh (‘Free Staters’, ‘Irregulars’ agus a leithéid). Agus tar éis dó briseadh le Sinn Féin agus a pháirtí nua, Fianna Fáil, a thabhairt isteach i nDáil Éireann i 1926, d’iompaigh poblachtánaigh neamhghéilliúla go míthrócaireach ar de Valera - feall, tréas don Phoblacht, cúl le prionsabail agus dréimreacht á gcur ina leith - gan maolú dá laghad a theacht ar an ngráin a bhí ag ‘fíorphairliminteoirí’ Chumann na nGaedheal air.
Má ba ghránna, maslach an t-atmaisféar polaitíochta idir an dá threabh a shíolraigh ón gCogadh Cathartha, chuir eachtra na Léinte Gorma ag tús na dtríochaidí seirbhe bhreise leis. Thug tobchliseadh Wall Street agus an Spealadh nó an Lagar Mór eacnamaíochta a lean é deis do radacaigh den eite dheas agus den eite chlé géarú ar an gcoimhlint a bhí ar siúl, i dtíortha éagsúla san Eoraip, ó dheireadh an Chéad Chogaidh Mhóir i leith: faicsin éagsúla de chumannaigh agus sóisialaigh, faisistigh agus buíonta caomhacha éagsúla, iad uilig ag cur gothaí troda orthu féin. In Éirinn, le teann imní faoi Fhianna Fáil a bheith tagtha chun cumhachta i 1932 (agus fonn díoltais, b’fhéidir, a bheith orthu ) bhailigh grúpa faoi cheannasaíocht Eoin Uí Dhufaigh ( a bhí díreach briste as a phost mar Choimisinéir ar an nGarda Síochána ag de Valera), thug ‘garda náisiúnta’ orthu féin agus gothaí míleata an fhaisisteachais orthu (culaith faoi leith – léinte gorma – cúirtéis agus geáitsí míleata eile dá sórt).
Cé go mba bhagairt soip ar an daonlathas in Éirinn iad na Léinte Gorma ar deireadh thiar, tharraing siad clampar áirithe ar feadh tamaill bhig: coimheascar, bualadh agus bascadh in amanna. Thóg de Valera seasamh láidir ina gcoinne, agus chuir faoi chois iad. Bhí Rialtas nua de Valera dian daingean, chomh maith, ag déileáil le poblachtánaigh nár ghéill d’údarás an stáit agus a bhí sásta dul i muinín an fhoréigin chun ‘poblacht 1916’ a bhunú. Toirmeasc agus imtheorannú a bhí i ndán dóibh. Níorbh aon iontas é más ea a naimhdeas siúd in aghaidh FF. Ach, in ainneoin mhórfhadhbanna eacnamaíochta agus deacrachtaí eile, faoi dheireadh na dtríochaidí bhí de Valera go daingean sa diallait agus i mbun rialtais. Agus i mbun ’s i mbarr gach véarsa bhí tionchar rábach na hEaglaise Caitlicí ar chleachtais shóisialta agus chultúrtha phobal an Stáit.
Bhí Éire neodrach sa Dara Cogadh Domhanda, agus formhór mór phobal an Stáit i bhfabhar an tseasaimh sin. Ach, ní hionann san is a rá nach raibh míshástacht, mífhoighid agus cantal ar go leor faoin bpraghas a bhí le híoc ar an neodracht chéanna: ciorruithe, ciondáil agus cinsireacht; ganntan bunsoláthairtí, rátaí pá agus tuarastail calctha.
Tá an comhthéacs logánta fíorthábhachtach i saothar Uí Eithir
Ba ghéire an mhíshástacht agus an cogadh ag druidim chun clabhsúir – agus bearta atógála á bhfógairt agus á seoladh ar gach aon taobh. Anuas ar na hábhair chlamhsáin phráinneacha, bhí go leor ag éirí tuirseach de na daoine ceannann céanna a bheith i gcumhacht – gan bhearna – ó 1932 i leith. Bhí comharthaí na mífhoighne le tabhairt faoi deara. Idir Márta agus Deireadh Fómhair 1946 bhí na múinteoirí náisiúnta ar stailc, a dteaghlaigh ag fulaingt de bharr fad na stailce. Thréig go leor díobh a ndílseacht d’Fhianna Fáil, rud a bhí soiléir nuair a bunaíodh páirtí polaitíochta nua, Clann na Poblachta, i mí Iúil 1946; páirtí poblachtánach, le claonadh i dtreo na heite clé ina pholasaithe eacnamaíochta. Ceannaire an pháirtí nua, Seán McBride, ba mhac é le Maud Gonne agus John McBride (a cuireadh chun báis i ndiaidh Éirí Amach 1916), abhcóide, seal caite aige i gceannas an IRA, agus fear ar fhág a óige sa bhFrainc lorg ar a chanúint Bhéarla riamh ina dhiaidh sin.
Bhí gealladh faoin bPáirtí nua, agus tar éis dóibh cúpla fothoghchán a bhuachaint i nDeireadh Fómhair na bliana 1947, bhíothas ag tuar go mbainfidís an bonn d’Fhianna Fáil go luath. Ach tháinig de Valera rompu, agus ghlaoigh olltoghchán tús Feabhra 1948. Chaill Fiann Fáil suíocháin agus an móramh a bhí acu sa Dáil. Ach ní dhearna Clann na Poblachta an gaisce a rabhthas ag súil leis: bhaineadar 10 suíochán, le hais an 68 a bhain Fianna Fáil. Mar sin féin, bíodh is go raibh scata páirtithe éagsúla, a raibh meon agus polasaithe an-difriúil acu (go deimhin, i gcás cuid acu, glan contrártha lena chéile), bhíodar meáite ar Rialtas a chur le chéile, ar ais nó ar éigean, le taispeáint don bpobal i gcoitinne go bhféadfaí Rialtas a chur ar bun sa Stát gan Fianna Fáil bheith ina bhun. Cuireadh an Rialtas Idir-Pháirtí seo ar bun, le John A. Costello (dlíodóir cumasach, coimeádach ó Fhine Gael – cé nárbh é ceannaire an pháirtí sin é) ina Thaoiseach air. Bhí saol corrach ag an Rialtas seo (1948-51), agus críoch chonspóideach. Ach ‘sé is cás linn anseo ná ceist íogair stádas an stáit.
Mar thoradh ar na hathruithe bunreachtúla a bhí curtha i gcrích ag Rialtais éagsúla FF sna tríochaidí, bhí de Valera in ann a mhaíomh in Iúil 1945 gur shásaigh stádas agus flaitheas an stáit pé sainmhíniú ar ‘Poblacht’ a bhí ar fáil i bhfoclóir iontaofa ar bith (‘dictionary republic’ an port fonóide a thuill an ráiteas seo dó). Arís, ar an 24 Meitheamh 1947, d’fhógair de Valera nár bhall den gComhlathas feasta í Éire, ach go raibh gaol aici leis an eagras sin. Bhí éiginnteacht áirithe faoi stádas foirmeálta an Stáit, ainneoin a pháirtíocht ghníomhach in institiúidí idirnáisiúnta, éiginnteacht ar theastaigh ó Costello agus McBride (ar chúiseanna éagsúla) a chur ina ceart.
Ar cuairt dó ar Cheanada ag tús Mheán Fómhair 1948 d’fhógair Costello go raibh an Rialtas chun an tAcht um Chaidreamh Seachtrach (1936) a aisghairm: an ceangal reachtúil deireanach idir an Stát Éireannach agus an choróin. Deineadh amhlaidh ar an 24 Nollaig 1948. Ní bheadh bac ar bith ann feasta an Stát a fhógairt ina Phoblacht. Socraíodh go ndéanfaí amhlaidh go foirmeálta ar an 18 Aibreán 1949, Luan Cásca (dáta stairiúil): beart a d’fhág FF spréachta, gan trácht ar na poblachtánaigh ‘lasmuigh’ den Dáil. Bhí searmanais cheiliúrtha le reáchtáil ag ionaid éagsúla ar fud an Stáit. Ceann díobh san ab ea an searmanas atá mar chúlbhrat logánta do Lig Sinn i gCathú.
Tá an comhthéacs logánta fíorthábhachtach i saothar Uí Eithir. Bhí an tsáraíocht idir na faicsin pholaitíochta éagsúla chomh tréan – agus chomh binbeach – i nGaillimh is a bhí in aon áit in Éirinn. Más tada é, bhí ruainne breise salainn sa mias cois Coiribe, mar gheall ar oidhreacht 1916. Bhailigh Óglaigh na Gaillimhe agus chuir chun troda seachtain na Cásca 1916 (rud nár tharla ach i gcorráit lasmuigh den ardchathair). Óglaigh ó pharóistí in Achréidh na Gaillimhe, den gcuid is mó, a bhí páirteach. Dhein na húdaráis sa bhaile mór – go háirithe lucht gnó – cáineadh géar ar an Éirí Amach agus d’éiligh díoltas.
Níor ligeadh an eachtra i ndearmad. Ba chuid dhílis í den sciolladóireacht a chloistí nuair a bhíodh daoine spréachta faoin bpolaitíocht (nó fiú ag cantal an óil). Agus fiú Ó hEithir féin agus é ag cur síos ar an sotal a léiríodh ridirí gnó na Gaillimhe i leith lucht na tuaithe ag triall ar an aonach nó ar shiopaí an bhaile mhóir maidin Sathairn, níor fhéad sé gan sonc a thabhairt dóibh: ‘cé go mba de bhunadh na tíre formhór lucht gnó Bhaile an Chaisil agus nach raibh cuid acu ach aon ghlúin amháin ó na bróga tairní...’( lch 103).
Léargas ar shocheolaíocht na Gaillimhe ó thaobh aicme de agus léamh tuisceanach ar thábhacht thraidisiún teaghlaigh agus ar dhíograis phearsanta i ndaingniú dílseachtaí polaitíochta: tá sin agus léiriú spleodrach ar gheamaireacht an tsaoil, ina n-orlaí tríd leabhar seo Uí Eithir.
Tá sé ráite faoi James Joyce gur mhaígh sé dá scriosfaí Baile Átha Cliath ar fad go bhféadfaí an chathair a atógáil, bríce ar bhríce, díreach mar a bhí sí ar an 16 Meitheamh 1904, óna chur síos ar chamchuairt Leopold Bloom tríd an gcathair i Ulysses.
Ba dhóigh le duine go bhféadfaí an rud céanna a rá faoi chuntas Uí Eithir ar chúinne ar leith de chathair na Gaillimhe faoi mar a bhí sí faoi Cháisc na bliana 1949.