Ligeadh mé i gCathú…
Mark Wickham
Tá an míobhán agus an imní le sonrú i ‘Lig Sinn i gCathú’, in ainneoin na pleidhcíochta – sin an fáth go bhfuil sé tráthúil i gcónaí a deir Laoighseach Ní Choistealbha.
‘Smaoinigh sé go tobann ar an gcéad lá ar shiúil sé isteach ann mar mhac léinn agus chomh bródúil a bhí sé’, a mhaíonn reacaire Lig Sinn i gCathú ag tús an leabhair, agus é ag trácht ar an Mhéalóideach ag teacht chuig an ollscoil. Agus mé ag smaointiú siar ar an leabhar don aiste seo, bhí orm mo thaithí ollscoile féin a chur le hais taithí an Mhéalóidigh… go sábhála Dia sinn. Ní raibh mise baileach chomh bródúil nuair a leaindeáil mé ag Baile na Coiribe thiar i Lúnasa 2012. Nuair a thiomáin mo mháthair agus mo bhoyfriend (neamhbhuan) meánscoile uaim ag deireadh an lae, rinne mé pónairí ar thósta, chas mé ar an teilifís agus bhreathnaigh mé ar Gary Barlow agus na leaids ar an X-Factor fad is a bhí na deora goirte ag sileadh síos isteach sna pónairí fuaraithe. Ó, nach mé a bhí soineanta agus mé ar tí dul isteach i ‘saol drabhlásach, tolléadrom Bhaile an Chaisil…’
Fonn léitheoireachta ort?
Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.
Tá síntiús agam!
Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.
Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.
Sínigh isteachBa mhaith liom síntiús a fháil
Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!
Ceannaigh síntiús