Donncha Ó hÉallaithe

Is tráchtaire agus gníomhaí teanga é Donncha Ó hÉallaithe

Ailt in Comhar (18)

Súil siar ar 80 bliain de Comhar ...

An Comhchaidreamh a thug Comhar ar an saol ceithre scór bliain ó shin. Le ganntanas páipéir, de dheasca an chogaidh dhomhanda, bhí an iris i mbaol a báis láithreach. Ach fuarthas an cead a bhí riachtanach ón Aire Soláthairtí, Seán Lemass, agus tá Comhar ann ó shin. Agus Comhar 80 bliain ar an bhfód i mbliana tabharfaidh Donncha Ó hÉallaithe blaiseadh sa tsraith seo ar ábhar ón iris, ag tosú leis an gcéad eagrán i 1942 agus le roinnt míreanna as eagráin an Mhárta leis na blianta

Sleachta as Comhar

Agus Comhar 80 bliain ar an bhfód i mbliana tugann Donncha Ó hÉallaithe blaiseadh dúinn sa tsraith speisialta seo ar ábhar a foilsíodh san iris le ceithre scór bliain. An mhí seo tá roinnt míreanna as eagráin Dheireadh Fómhair a bhaineann le Máire Mhac an tSaoi