Dialann Emily Porter: Caillte agus Aimsithe *Réamhordú/Pre-order*

Dialann Emily Porter: Caillte agus Aimsithe *Réamhordú/Pre-order*

Údar
Richie Conroy
Maisitheoir
Don Conroy
Praghas
€12.00
  • Aoisghrúpa: Déagóirí agus léitheoirí níos sine!
  • ISBN: 978-1-7395129-5-8
  • Líon leathanach: 196
  • Bliain foilsithe: 2024
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

*Réamhórdú*

1997 atá ann. Bliain chinniúnach i saol Emily Porter. Ní hamháin go bhfuil an ardteist ar na bacáin ach tá cinneadh mór le déanamh faoin gcúrsa tríú leibhéal. Tá Emily bhocht faoi strus! Mar bharr ar an donas, níor labhair sí lena dlúthchara Olivia le bliain anuas – is naimhde críochnaithe anois iad.

Sa scéal seo, faigheann Emily taithí ar rotha mór an tsaoil. Filleann sí ar an gcoláiste samhraidh ach mar fhostaí an uair seo agus tugtar léargas úr di ar shaol na Gaeltachta.

Ní bliain chompordach í seo i saol an déagóra ach, tríd an anró, na dúshláin agus an crá croí, fásann Emily ó bhun go barr.

Rabhadh maidir le hábhar: Toisc go gclúdaítear téamaí agus eachtraí aibí sa scéal, moltar an leabhar seo do léitheoirí 15+

Seo an tríú leabhar sa tsraith mhóréilimh ‘Dialann Emily Porter’, leabhair eile ar fáil:

About the book

*Pre-order*

The year is 1997. A crucial year in the life of Emily Porter. Not only is the Leaving Cert looming but a big decision must be made about which third level course to choose. Poor Emily is stressed out! And to top it all off, she hasn’t spoken with her best friend Olivia in over a year – they’re real enemies now.

Throughout this story, Emily experiences the rollercoaster that is life. She returns to summer college but as an employee this time and she gets new insight into life in the Gaeltacht.

It’s not an easy year in the life of a teenager but, through the hardship, the challenges and the heartbreak, Emily grows into a young adult.

Content warning: Due to the mature nature of themes and events covered in this story, this book is recommended for readers who are 15+

This is the third book in the popular ‘Dialann Emily Porter’ series, other books available:

Údar

Richie Conroy

Richie Conroy

Is gearrscéalaí, úrscéalaí agus scriptscríbhneoir é Richie Conroy. Tá idir shraitheanna teilifíse agus fhadscannáin scríofa aige, Fran the Man, Malory Towers agus Pirate Mo ina measc.
Seo an tríú leabhar sa tsraith ‘Dialann Emily Porter’, foilsithe ag LeabhairCOMHAR. Foilsíodh gearrscéalta leis sa leabhar Saibhreas (Mentor Press) agus sna hirisí liteartha Splonk, Scathán, Feasta agus Comhar. Tá cónaí air i gCill Dara.

Tuilleadh eolais

Maisitheoir

Don Conroy

Is údar, ealaíontóir agus maisitheoir é Don Conroy a bhfuil an-chuid leabhar do pháistí agus do dhaoine óga foilsithe aige, The Owl Who Couldn’t Give a Hoot, Silent Wings agus Drawn to Nature ina measc. Tá cáil air mar phearsa theilifíse a thugann spreagadh agus inspioráid do dhaoine dul ar an aistear cruthaitheach agus suim a mhúscailt sa timpeallacht.
www.donconroy.com

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…