Iris Comhar - Samhain 2024 (móreagrán)

Iris Comhar - Samhain 2024 (móreagrán)

Eagarthóirí
Síobhra Aiken, Tristan Rosenstock, Seán Tadhg Ó Gairbhí
Maisitheoir
Mark Wickham
Praghas
€4.50
  • Líon leathanach: 60
  • Bliain foilsithe: 2024
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Eagrán mhí na Samhna 2024 den iris Comhar - 60 leathanach!

Nuair a bunaíodh Comhar sa bhliain 1942 bhí an file Máire Mhac an tSaoi i measc líon beag ban a bhí ag scríobh go rialta don iris. Ó shin i leith, tá líon na mban a bhfuil a gcuid saothair feicthe againn ar leathannaigh Comhar dulta i méid go mór. Sa mhóreagrán speisialta seo, is mian linn ceiliúradh a dhéanamh ar bhanscríbhneoirí comhaimseartha na Gaeilge d'fhonn aitheantas cuí a thabhairt do chuid de na scríbhneoirí is bisiúla agus is cumasaí atá ag saothrú na teanga. 

About the book

November 2024 bumper edition of Comhar magazine - 60 pages!

When Comhar was established in 1942, the poet Máire Mhac an tSaoi was among a small number of regular female contributors to the magazine. Since then, the number of women whose work has been featured on the pages of Comhar has grown substantially. This special bumper edition celebrates contemporary female Irish-language writers and seeks to suitably recognise some of the most prolific and talented writers currently cultivating the Irish language. 

Eagarthóirí

Síobhra Aiken

 Tá Síobhra ina léachtóir sinsearach in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste 
Tuilleadh eolais

Tristan Rosenstock

Tristan Rosenstock

Tá Tristan Rosenstock ina eagarthóir liteartha ar Comhar ón mbliain 2017 i leith. Chuir sé féin agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh an cnuasach aistí Inside Innti: A new wave in Irish Poetry (Cork University Press, 2023) in eagar. Tá leabhar do léitheoirí óga foilsithe aige dar teideal Inis Mara (LeabhairCOMHAR 2022). Craoltóir is ea é le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus cuireann sé an clár ealaíon An Cúinne Dána i láthair, mar aon le cláir liteartha eile. Tá sé ar bhord stiúrtha Éigse Éireann agus Áras Scríbhneoirí na hÉireann. É pósta ar an údar Sadhbh Rosenstock agus beirt léitheoirí óga acu.

Tuilleadh eolais

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Tá Seán Tadhg Ó Gairbhí ina eagarthóir ar Comhar ó mhí na Bealtaine 2013 agus ar Tuairisc.ie ó 2014. Bhain sé céim amach sa Bhéarla agus sa Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Thosaigh sé ag obair mar iriseoir le Foinse ó 2000 go dtí 2009 agus bhí sé mar eagarthóir air ó 2003 go 2009. D'fhoilsigh sé bailiúchán aistí, Scéal Scéil: Rúndiamhra na Meán (Cois Life, 2014) agus leabhar ar fhobairt TG4, Súil Eile (Cois Life, 2017).

Tuilleadh eolais

Maisitheoir

Mark Wickham

Is dearthóir agus maisitheoir é Mark Wickham a bhfuil cónaí air in Iarthar Chorcaí. Tá sé ag obair in earnáil na foilsitheoireachta le breis is 20 bliain anuas. Tá saothar dá chuid curtha ar taispeáint aige mar chuid de thaispeántais in Éirinn agus thar lear. Tá roinnt leabhair pictiúr do pháistí maisithe aige agus ainmníodh ceann de na leabhair sin mar leabhar páistí na bliana ag an Irish Book Awards. Bhunaigh Mark agus a pháirtí, Tara Kennedy, WORK SHOP le déanaí, spás cruthaitheach i mBeanntraí le haghaidh gach aoisghrúpa.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…