EAGARFHOCAL

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Zombaítheanga?

Bliain ó shin, mí Feabhra 2018, thagraíomar anseo don díol mór a bhí ar úrscéal diostóipeach George Orwell1984 toisc fonn a bheith ar dhaoine ciall a bhaint as ré seo na mbréagscéalta nuachta agus na bhfíricí ailtéarnacha.

Orwell a rith linn arís an mhí seo agus an méid a bhí le rá ag an iarchoimisinéir teanga Seán Ó Cuirreáin thall sa Bhreatain Bheag á chogaint againn.

Dúirt Ó Cuirreáin, an t-aon ombudsman a d’éirigh as sa tír seo ar bhonn prionsabail, nach bhfuil aon ní cóir i ndán don Ghaeilge ná don Ghaeltacht mura ngéilltear go bhfuil géarchéim teanga ann nó, i bhfocail eile, mura ngéilltear don fhírinne.

Faoi mar a dúirt Orwell, dá mhéid a shéanann tú an fhírinne mairfidh sí i gcónaí de do bhuíochas:

‘However much you deny the truth, the truth goes on existing, as it were, behind your back.’

‘Ní straitéis an dóchas,’ a dúirt Ó Cuirreáin. ‘Go háirithe má bhíonn an dóchas bunaithe ar sheachmall, ar sheachrán, ar scéalta ficsin agus ar thuiscintí bréige.’

Maidir leis an bhfírinne faoi ghéarchéim na teanga, luaigh Ó Cuirreáin 15 píosa eolais.

Léiriú doshéanta a bhí ann ar an drochbhail atá ar an nGaeilge agus ar an imeallú atá déanta uirthi sa saol poiblí, nó sa ‘Court, Bar and Business’ mar a dúirt W.T Cosgrave agus cúlú na teanga faoi chaibidil aige go gairid i ndiaidh bhunú an stáit.

I measc na bhfíricí a bhí ag an gCoimisinéir Teanga bhí an laghdú
a tháinig ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa daonáireamh agus an
laghdú sa Ghaeltacht go háirithe, mar ar tháinig titim 11% ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais.

Mur dtabharfaí aghaidh ar an bhfírinne seo, arsa Ó Cuirreáin, bhí an baol ann nach mbeadh sa Ghaeilge amach anseo ach ‘Zombaítheanga’.

Ní raibh Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne sásta glacadh leis go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht.
Tá dul chun cinn dochreidte á dhéanamh, dar leis.

Tá ‘deacrachtaí’ ann, ar sé, ach is féidir iadsan a leigheas ach a bheith ag obair as lámha a chéile.

Ní gá ach ár súile a dhúnadh is cosúil agus ár ndóchas a chur i míorúilt na pleanála teanga. Ach is ar éigean a chreideann aon saineolaí gur féidir plean tarrthála teanga le dealramh a chur i bhfeidhm nuair is ar an bpobal atá an chuid is mó den ualach leagtha agus iad ar bheagán acmhainní agus tacaíochta.

Dochreidte go deimhin.

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Tá Seán Tadhg Ó Gairbhí ina eagarthóir ar Comhar agus ar Tuairisc.ie