Our Tangled Speech: Essays on Language and Culture Le Aodán Mac Póilin

Our Tangled Speech: Essays on Language and Culture  Le Aodán Mac Póilin

Léirmheas le Pól Ó Muirí

Tá cúpla cnuasach beag aistí ar an tseilf agam agus Robert Lynd a scríobh. Scríbhneoir de bhunadh Preispitéirteach Bhéal Feirste a bhí ann. Fuair sé bás sa bhliain 1949 agus ba é a scríobh mórán aistí spéisiúla spreagúla lena sholas.

Ní bréag a rá nach bhfuil Lynd i bhfaisean faoi láthair. Ach bíodh trua againn don té nach dtuigeann nach dtéann scríbhneoireacht mhaith as faisean. Is scríbhneoir den scoth é Lynd agus tá gaois, greann agus iontas le fáil ina chuid alt: 'Waves of butterflies seem to rise from the sands and to pour tremulously over the sandhills. It is impossible to tell where they come from. They might be born of the sand, or the sea, or the sun for all the eye can tell.'

Seoda beaga atá sna haistí agus foilsíodh cuid mhór de na cinn atá agamsa sna 1920idí, an t-am céanna a raibh Seosamh Mac Grianna agus mórán scríbhneoirí eile Gaeilge ag siúl leo ar chosán uaigneach an fhile.

Tháinig eiseamláir Lynd chugam nuair a thosaigh mé a léamh, Our Tangled Speech: essays on language and culture, cnuasach 15 aiste le hAodán Mac Póilin, fear eile de bhunadh Bhéal Feirste agus fear a fuair bás go hantráthach sa bhliain 2016. Tá na buanna céanna acu beirt mar scríbhneoirí, gaois, greann agus eolas, na nithe sin uilig go léir ag obair as lámh a chéile le haiste, seoid liteartha, a chur os comhair an léitheora.

Idir 1990 agus 2011 a scríobh Mac Póilin na píosaí seo agus, ní nach ionadh, is ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, ar chúrsaí cultúir agus polaitíochta a linne atá siad dírithe. Chaith Mac Póilin a shaol ag saothrú go hionraic ar son na Gaeilge ina chathair dhúchais agus i bhfearainn eile in Éirinn. Múinteoir a bhí ann ó cheart sular fhág sé an cúram sin le bheith ina cheannasaí ag an Iontaobhas ULTACH, ceann de na chéad eagraíochtaí trasphobail teanga sa Tuaisceart, agus chaith sé seal le Foras na Gaeilge mar chomhalta boird fosta.

Obair mhór agus obair mhaslach, déarfainn, a bhí sna cúraimí sin minic go leor. Is é an t-iontas é go raibh an t-am aige rud ar bith a scríobh ach bhí a chroí istigh i leabhair agus i gcúrsaí litríochta. Obair mhór atá déanta, mar sin, ag eagarthóir an leabhair agus iar-chomhghleacaí dá chuid, Róise Ní Bhaoill, leis an rogha bhreá aistí seo a chur os comhair an léitheora. Is fiú an leabhar féin a mholadh fosta. Tá sé go hálainn mar earra, líon lán le léaráidí dubha agus bána, leagan amach ar dóigh ar na leathanaigh. Leabhar atá le léamh, le cur ar sheilf na leabhar agus le caomhnú le dea-leabhair eile.

Agus a leithéid d’aistí. Ní hiontas ar bith é ceist na teanga agus Béal Feirste bheith luaite go minic ag Mac Póilin. Ba den chathair é agus tugann na haistí sin léargas ar an teanga san aois atá ann agus sna haoiseanna a bhí. Tá ailt ar chás stairiúil na Gaeilge i mBéal Feirste; ar litríocht chomhaimseartha Ghaeilge na cathrach agus ar an phobal lenar bhain sé féin, pobal Bhóthar Seoighe, pobal a chuir borradh faoin teanga: 'The Pobal Feirste Neo-Gaeltacht: lessons to learn?'

Scríobhann sé go sonrach fosta faoin nasc idir cúrsaí polaitíochta agus imeachtaí teanga sa Tuaisceart. B’fhiú do gach aon duine an aiste ar 'What about Ullans? Ulster Scots and the Irish language' a léamh nó tugann sé léargas ar an dóigh ar lúb polaitíocht an Tuaiscirt forbairt na Gaeilge as riocht, thuaidh agus theas. Tá Foras na Gaeilge ar an tsaol mar leath de bhord trasteorann a bunaíodh de bharr Chomhaontú Aoine an Chéasta. Tá cúram na hUltaise ar an leath eile den bhord sin. Níl a fhios agam cad é an tsamhail is fearr den leagan amach sin – dhá theaghlach achrannacha ina gcónaí le chéile i dteach leathscoite?

Cuireann Mac Póilin síos go heolach ar an pholaitíocht a shaolaigh an cúpla achrannach, Gaeilge agus Ultais: 'At a later stage, in spite of his earlier resistance to including language among cross-border implementation bodies to be established as a result of the Agreement, David Trimble did ultimately accept a cross-border language body, and sold it to his supporters by adding Ulster Scots to its remit at the last moment.'

Agus sin agat ansin cur síos chomh néata agus a gheobhaidh tú ar bhunú an bhord teanga trasteorann agus an crá croí a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge ó shin. Last moment, go díreach. Scríobhann Mac Póilin fosta: 'The case for Ulster Scots being a distinct language, made at a time when the status of Scots itself was insecure, is so bizarre that it is unlikely to have been a linguistic argument.'

Ní raibh olc ag Mac Póilin don Ultais, dála an scéil. 'Valuable cultural resource' a bhí ann, a scríobh sé.

(An bhfuil sé róshoiniciúil le hamharc ar mholadh seo Trimble mar sheift, mar bhob a imríodh le geimhleacha na hUltaise a cheangal de rúitín na Gaeilge?)

Os a choinne sin, tá aistí breátha eile ag Mac Póilin ar stair agus ar athbheochan na teanga. Bhain mé sult ar leith as 'Spiritual Beyond the Ways of Men: Images of the Gael'. Tosaíonn Mac Póilin an aiste sin le: 'The earliest description we have of the Irish is from the Greek geographer, Strabo, who, in the first century AD, described them as incestuous cannibals ‘who are complete savages and lead a miserable existence because of the cold’.'

Bhain sin gáire asam agus cé a bhréagnódh tuairim sin Strabo?

Tá an aiste seo, agus na cinn eile, líon lán le tagairtí d’fhoinsí stairiúla scolártha agus comhaimseartha, le línte breátha eolacha, le ciall cheannaithe agus le sleachta a chorraíonn an t-anam: 'The Famine accelerated the anglicisation process ... and any remaining pride in the language seems to have left the common people. In the 50 years between 1841 and 1891, the number of Irish speakers in Ireland declined from close to three million to three-quarters of a million. A society which has a secure sense of identity and self-esteem does not commit this sort of cultural suicide.'

Fágaimis an focal scoir faoi Gerald Dawe, file agus cara de chuid Mhic Phóilin. Arsa Dawe faoina chomrádaí i réamhrá an leabhair: 'He lit up all he met with his wit, passion, decency and civic goodwill.'

Fíor ar fad.