Lúcháir na beatha agus diachair an bháis

Ailbhe Ní Ghearbhuigh
Lúcháir na beatha agus diachair an bháis
Tá aithne ag an saol Fódhlach ar Phádraig Mac Fhearghusa mar fhile, mar eagarthóir irise, agus mar ghníomhaí ar son na Gaeilge. Is é Oilithreacht na gCríoch Déanach (Coiscéim ) an seachtú cnuasach filíochta óna pheann. Tá an cheastóireacht nó an tochailt intleachtúil le sonrú go láidir i saothar Mhic Fhearghusa trí chéile, idir phrós agus fhilíocht. Go deimhin, is mó dán sa chnuasach seo a eascraíonn as ceist, nó is minic ceist i gcéad véarsa an dáin. Fiafraíonn an t-údar sa réamhrá ‘an fiú don scríbhneoir nod a thabhairt, fiú más neamhiomlán, faoi na foinsí as a n-éiríonn a chuid dánta?’ Is dócha go dtaitníonn sé le léitheoirí (agus le léirmheastóirí, b’fhéidir) eolas éigin a bheith acu faoi chomhthéacs an dáin d’fhonn bóthar na tuisceana a réiteach. Meabhraíonn an cheist seo tuairimíocht Roland Barthes ar ‘bhás an údair’, go háirithe nuair a mhaíonn Mac Fhearghusa ‘Ní leis an údar an dán a thuilleadh ach leis an léitheoir.’

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Ailbhe Ní Ghearbhuigh

File agus léachtóir le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh í Ailbhe Ní Ghearbhuigh.