Cuireadh don Churadh gan Iarraidh

Kaarina Hollo

Cogar.

Tair i leith.

Ná bíodh imní ort.

Canathaobh go mbeadh?

Níl ionam ach

Seanabhróg chaite,

caite sa chúinne

Seanabhó sheasc

i mo sheasamh sa bhuaile

Seanaleabhar loite

nach bhfuil léite ag éinne

Seanaghrá gonta

ag iompar na haoise.

Cogar.

Tair i leith.

Lig do cheann ar m’ucht.

An gcloiseann tú é?

Anois.

Torann mo chroí

ag tiontú na taoide

Taoide m’anála

ag líonadh mo chléibh-se

Gáire mo bhéil

ag rince i do chluasa

dord mo ghotha

is a mhacalla i do ghlór-sa.

Fornocht do chonaicís mé

Fornocht do chonaicís mé.

Agus do chonac-sa tusa.

Tusa is do chonairt do do chiapadh.

Dhruidis liom.

Bhlaisis mo bhéal.

ach ar chualaís mé?

Ceol, tá’s agam, ach focal ar bith uaim?

D’imís, d’éalaís

is na coin i do dhiaidh.

Fia bocht ar an sliabh thú? B’fhéidir

nó giorria, nó gearr-fhia draíochta

corp órga agus cosa airgid

ag léimneach is ag lúbadh

is má leanann na fiagairí

isteach sa mhuine thú

faigheann siad freagra

ar an gceist is mó.

Óró m’oisín dall ó,

is óró m’oisín

Dhallais thú fhéin

dhúnais do chluasa

thugais do ghnúis

ar bhóthar dúr gruama

Óró m’oisín dall ó

is óró m’oisín.

(Scoláire, aistritheoir, agus file í Kaarina Hollo)