Forógra Aimhirghin

Paddy Bushe

Molann Paddy Bushe go léifí dán Aimhirghin mar fhorógra éiceolaíochta seachas forógra gabhála

Agus mé ag breathnú amach an fhuinneog le linn dom bheith ag cumadh an phíosa seo, táim ag féachaint ar chuid mhaith den dtaobh tíre agus farraige gur féidir Dúthaigh Aimhirghin a thabhairt air. Is é sin, gur i mBá na Scealg thíos fúm gur tháinig Clanna Mhíle i dtír, de réir An Leabhar Gabhála. Tá Loch Luighdeach (nó Loch Luíoch) leathmhíle soir uaim, áitainm a dheimhníonn gur ar an gcósta seo fúm a tharla an teacht i dtír. Píosa beag amach sa bhfarraige ón dtrá ag bun mo thí, tá Carraig Éanna, áit a thug ainm dár mac agus ar chuaigh mé ann le mac ár n-iníne sa kayak inné. Sa dán Tuireamh na hÉireann, dán a chum fear áitiúil darbh ainm Seán Ó Conaill i lár na seachtú haoise déag, deintear athinsint ar an scéal ina bhfaightear na línte seo:

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Paddy Bushe

Is file agus aistritheoir é Paddy Bushe.