Laoi Thine Und Alles Sein ist flammend Leid - Franz Marc
Simon Ó Faoláin
I
Snáth fiain flannbhuí ag rith
i ngach treo ar imeall spéire,
luaithreach ag titim go tiubh,
ag fiodrince ar an aer,
Luaithreach ‘na luí,
a liathadh ar gach ní,
sinn gan bealach éalaithe,
gach slí ag dul trín lasair.
Goile uafar na tine,
níl aon oidhre air
ach an cíocras agus ampal
istigh i gcroí an duine
II
Níor chuaigh an ghrian faoi inniu,
ach tháinig anuas go tonn talún -
luan laoich i gcrios tóit timpeall
ar an dtigh, an mbaile, an gcruinne.
Súitear an t-aer as gach scámhóg
(ní tráth cainte é níos mó),
friotail ag teitheadh mar ainmhithe
sceimhlithe, nó ag rith le brothall
Triomaíonn an ithir faoinár mboinn ina púdar
is tagann an tulca á sciobadh mar dhusta,
chun nach bhfágtar de cheithre dhúl na cruinne
ach tine is uisce, gur ghráin leo a chéile
Ní fios cén diabhal deabhadh a bhí orainn,
ach ar chuma éigin tá an cóngar gafa
idir Gáirdín Éidin agus Armageddon,
ó bharr an ranga go bia badhb is brainéan.
Don tor is cuma fiú más dia
a labhraíonn le duine as sceach trí thine,
mar fágfar an tor ina speathán dóite
caite i leataobh tar éis na scléipe.
III
Seo, caithfeam uile priosla
agus mallacht le Proiméitéas,
is maith is eol don duine
conas freagracht uainn a theilgean
Dóite gach rud dó-
chúil ina bhréagriocht bhuan,
dóite gach ábhar dó-
chais ón seanshaol,
Dóite an géilleagar
síorbhorrach mar shíscéal,
dóite ár bhforlámhas
teicniúil mar shoiscéal
Dóite an cur i gcéill
go ndéanfam d’ár gcompord aon íobairt
chun mion-náisiúin oileánda
a thabhairt slán ón díleann
Cáineadh tógáil fallaí
ach tiocfaidh malairt phoirt,
déanfar múr d’ár muir
‘s beidh saoithe ag searradh a nguaillí
IV
A bhé na lasair reatha,
deonaigh tinetheanga,
chun nach mbeadsa gan urlabhra
in am seo an ollchliste
Ní chloisim ach búir stoirm thine
agus tuairt throm thruamhéileach
ag dianbhuairt is dearg-shéanadh
ag bualadh i gcoinne a chéile.
Ní mhúchfaidh rud ar bith
an bhladhmsach chíocrach seo
ach rabharta righin na bóchna
nach mbeidh trá uirthi choíche.