Salamandar mór de leabhar…
‘An Táin’, an Chanóin agus Ábharthacht na Litríochta atá faoi chaibidil ag Darach Ó Scolaí
In 2017 foilsíodh leagan nua le Darach Ó Scolaí den Táin, agus i mbliana foilsíodh eagrú nua di sin. Is ar chaint a thug an t-údar do Chomhdháil na Gaeilge i nGaillimh anuraidh a bunaíodh an t-alt seo…
Saothar íocónach Gaelach í an Táin. Nuair a foilsíodh An Rúraíocht le Cormac Ó Cadhlaigh in 1956, bhí bearna 800 bliain idir í agus Táin na sean-lámhscríbhinní (cé nach í an Táin per se atá i mórshaothar Uí Chadhlaigh ach meascán de shleachta athchóirithe agus d’achoimrí ar scéalta as an Táin laistigh de fhráma na Rúraíochta).
Go deimhin, go dtí seo, ba deacair an Táin a áireamh ó cheart mar chuid de litríocht na Gaeilge mar nach raibh fáil uirthi ach in eagráin scolártha nach raibh inléite ag pobal léitheoirí na Gaeilge.
Macalla na Tána
In ainneoin sin, is mór a háit sa litríocht. Ní slán an nua-litríocht gan an tseanlitríocht, agus gan an Táin ach go háirithe, mar gur inti atá roinnt de na scéalta is mó i samhlaíocht ár muintire — ‘Comhrac Fheardia agus Chú Chulainn ar an Áth’, ‘An Comhrá Ceannadhairte idir Ailill agus Méabh’, ‘Mar a Fuair Cú Chulainn a Ainm’ agus mar sin de — agus mar go bhfuil macalla na Tána le cloisteáil i litríocht na Nua-Ghaeilge fré chéile.
An macalla sin a bhaineann saothar amháin as saothar eile, tá sé ar cheann de na nithe is mó sa litríocht a thugann pléisiúr dúinn (agus ní ag caint ar chrosfhoclaíocht an scoláire atáim, ach ar mhacalla a dhúisíonn tuiscintí nua dúinn, nó léasacha léargais ar nithe a bhíonn folaithe sa saothar). Gan saothair mhóra na seanlitríochta ar fáil dúinn, cúngaítear an nua-litríocht agus cailleann scríbhneoirí deiseanna oibriú ar leibhéal níos doimhne agus níos caolchúisí.
An Scríobhaí agus an tAistritheoir
Ach céard is leagan nua de sheanscéal ann ó cheart: aistriúchán nó athscríobh? Ní miste idirdhealú a dhéanamh idir an scríobhaí a oibríonn laistigh den traidisiún agus an t-aistritheoir. Téann an t-aistritheoir ag cuardach i gcultúir eile agus é sa tóir ar an rud atá ait nó aduain, ar mhaithe le síneadh a chur lena chultúr féin; agus téann an scríobhaí sa tóir ar an rud a aithníonn sé sa seantraidisiún ar mhaithe le hathdhearbhú a dhéanamh ar a chultúr féin nó le borradh nua a chur faoi.
Dar ndóigh, ní hamhlaidh go bhfuil Táin na lámhscríbhinní anois ar fáil go soléite do léitheoirí ár linne féin, níl ann ach go bhfuil leagan nua di ar fáil. Agus ní saothar meánaoiseach í an leagan nua ach saothar Nua-Ghaeilge. Ach mura sean-litríocht í, ar chóir í a áireamh ar na saothair nua-litríochta? Nó cén áit atá ag aon leagan nua de sheanscéal ar bith i litríocht na Gaeilge?
Ní ag maíomh atáim gur chóir an Táin a áireamh ar mhórsheánraí na nualitríochta; ní hea, ach ag iarraidh í a phlé i gcomhthéacs na nua-litríochta le go bhféadfainn rud éigin a rá faoin nua-litríocht agus faoin gcaoi a dtugtar faoi staidéar a dhéanamh uirthi.
Canóin Notre Dame
Níl sé i gceist agam tabhairt faoi shainmhíniú nua ar an litríocht anseo, ach ní miste súil a chaitheamh ar an rud a aithnítear go ginearálta mar litríocht sa lá atá inniu ann — sna hollscoileanna, ós iontu a déantar staidéar ar an litríocht — agus go gcaithfimis súil ar an úrscéal, ós é mo rogha féin é ar sheánraí na litríochta.
Sa bhliain chéanna is a foilsíodh m’eagrán féin den Táin, foilsíodh Úrscéalta na Gaeilge, leabhar a chuir Ronan Doherty, Brian Ó Conchubhair, agus Philip O’Leary in eagar, agus a dtugaim féin ‘Canóin Notre Dame’ uirthi. Liostáiltear i sa chanóin seo 16 cinn d’úrscéalta na Gaeilge a foilsíodh idir na blianta 1901 agus 1995, chomh maith le haiste ar gach aon cheann díobh.
Bhí plé ar rogha sin na leabhar ag ócáid a d’eagraigh Notre Dame agus Boston College i mBaile Átha Cliath an bhliain roimhe sin. I láthair bhí cúpla duine de na scríbhneoirí sin atá fós linn, scríbhneoirí nua, lucht critice is léirmheasa, agus daoine ar spéis leo an litríocht. Le linn na díospóireachta, cé go raibh cúiseanna aeistéitice luaite le rogha na n-úrscéalta, ní hí an aeistéitic a tháinig chun tosaigh, ach fonn úrscéalta a roghnú de réir tréimhsí, de réir ábhar, agus de réir téamaí. Bhí an claonadh ann i measc na léitheoirí (agus scríbhneoirí) a bhí i láthair, úrscéalta a roghnú de réir ábharthachta — nó relevancy.
Liosta le háireamh: Deoraíocht le Pádraic Ó Conaire, Dé Luain le Eoghan Ó Tuairisc, Caoin Tú Féin agus An Uain Bheo le Diarmuid Ó Súilleabháin, Fuíoll Fuine agus Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain, An Béal Bocht le Myles na gCopaleen, Mo Bhealach Féin le Seosamh Mac Grianna, Cuaifeach mo Londubh Buí le Séamus Mac Annaidh, Desiderius a Dó le Pádraig Ó Cíobháin, Séadna le Peadar Ó Laoghaire, Néal Maidine agus Tine Oíche le Breandán Ó Doibhlin, Meirscrí na Treibhe agus An Fear Dána le Alan Titley, Éagnairc le Pádraig Ó Siadhail agus An Dochtúir Áthas le Liam Mac Cóil.
Nílim ag rá go bhfuil glactha le Canóin Notre Dame mar leabharliosta i gcoláistí na tíre seo ach, nuair a scrúdaítear an liosta, is léir nach bhfuil sí i bhfad as marc.
Litríocht an Laochais
Sa chomhthéacs sin, an féidir an t-athchóiriú a déantar ar an tseanlitríocht a áireamh mar chuid de chanóin na nua-litríochta? Cé a déarfadh nach bhfuil téamaí an fheimineachais ina n-orlaí trí Éadaoin Dhiarmada Johnson, nó nach saothar iomlán nua-aoiseach Mé Suibhne Fheargail Uí Bhéarra (ar athoibriú ar Buile Shuibhne é ina ndéantar plé ar an gCoimhthíos agus ar an Tinneas Intinne ag an am céanna)? Rud a d’fhágfadh, b’fhéidir, an dá leabhar sin san áireamh dá mbeadh leabhair an chéid seo le háireamh ar an gcanóin.
Agus cá bhfágann sé sin an Táin? Dar ndóigh, ní úrscéal í an Táin. Níl sí ábharthach, ní bhaineann sí le téamaí comhaimseartha — imirce, inimirce, ciníochas, feimineachas, gnéas, inscne, féiniúlacht, cearta an duine ná pleanáil teanga. Is léir nach fuinneog ar an Iarann-Aois í, mar a shíl an tOllamh Kenneth Jackson tráth, ach fiú dá nglacfaí léi mar fhuinneog ar an deichiú nó ar an aonú haois déag, cén tábhacht a bheadh leis sin ó thaobh na litríochta comhaimseartha de?
Ina dhiaidh sin agus uile, is í an Táin an saothar fada is sine sa teanga, saothar a bhfuil cáil náisiúnta agus (cáil éigin) idirnáisiúnta uirthi. Agus murar féidir eipic a thabhairt uirthi, is saothar próis i stíl na heipice í — saothar de chuid litríocht an laochais.
Saothar í a chuaigh i bhfeidhm ar shaothair eile, idir phrós is fhilíocht, le míle bliain anuas. Saothar í a scríobh Éireannach mle bliain ó shin, Éireannach a bhí eolach ar litríocht na Gaeilge roimhe féin agus ar thraidisiún míle bliain roimhe sin de litríocht na Róimhe, na Gréige, agus na Críostaíochta. Saothar iocónach í, agus tá míreanna aisti chomh buanaithe sa tsamhlaíocht againn go bhfuilid ar eolas ag daoine nár leag súil ar chóip den Táin riamh. Ach, thar rud ar bith eile, is saothar ealaíne í.
Mar léiriú air sin, ba mhaith liom sciuird reatha a thabhairt faoin Táin agus ár n-aird a tharraingt ar chúpla mír éagsúil.
‘Ba mhaith mise romhat’
Le sacadh spraíúil Ailleala i Ráth Cruachan a thosaíonn an Táin: ‘Is fíor a deirid, a bhean,’ arsa Ailill, ‘gur maith an bhean bean dea-fhir.’
‘Is maith, go deimhin,’ arsa Méabh, ‘ach cén fáth a ndeir tú sin?’
‘Mar gur fearr tusa inniu,’ arsa Ailill, ‘ná an lá ar thóg mise mar bhean thú.’
‘Ba mhaith mise romhat,’ arsa Méabh.
(nó ‘Ba maith-se remut,’ mar atá i LNC)2, agus is léir go bhfuil slat a bhuailte bainte ag Ailill mar tá Méabh in ann aige, agus is aici a bhíonn na línte is fearr.
Mar a deir sí féin leis, ‘Ní raibh mise riamh gan fear ar scáth a chéile agam,’ (‘ní raba-sa ríam can fer ar scáth araile ocum,’ LNC). Agus cé a déarfadh ar bhealach níos fearr inniu é!
Ach is gearr go dtéann an sacadh in ainsil orthu agus gur ag sáraíocht ar a chéile faoina gcuid maoine a bhíonn an lánúin nó go socraítear ar gach a bhfuil acu a chomhaireamh agus a chur i gcomórtas le chéile. Feictear ansin go bhfuil tarbh mór ag Aillil agus nach bhfuil a mhacasamhail ag Méabh.
In áit géilleadh dá fear, nuair a chloiseann Méabh go bhfuil tarbh a dhiongbhála i gCúige Uladh, cuireann sí teachtaí á iarraidh, agus nuair a dhiúltaítear iasacht an tairbh, is é a deir sí leis an teachta: ‘Ná déantar féith thar fadhb de, a Mhic Roth, óir bhí a fhios,’ arsa Méabh, ‘mura dtabharfaí an tarbh dá dheoin go dtógfaí dá ainneoin é. Agus tógfar.’ (‘Ní hécen féth dar fudbu de,’ LNC; nó ‘Ná déantar plána mín de,’ mar a déarfaimis inniu.)
Leis sin, tionóltar ‘ceithre ollslua Éireann’ leis an tarbh a bhreith go Cúige Chonnacht agus cruthaítear an chéad phictiúr fuaime sa Táin, pictiúr a rianaíonn cúrsa an armshlua dúinn:
‘An Luan tar éis na Samhna a d’imíodar. Soir ó dheas as Cruachain Aoi leo: thar Mhaigh Cruinn, thar Thuaim Mhóna, thar Thurloch na dTrí Chríoch, thar Chúil Sílinne, thar Dhúfhiodh, thar Bhadhbhna, thar Choltain ...’ Agus mar sin de, thar Sionainn soir.
‘Dá bhfaighinn muc á róstadh anois, bheinn beo’
Ar an mbóthar rompu, imríonn Cú Chulainn slad ar na gaiscígh a seoladh amach roimh an ollslua agus, nuair a dhéanann Ailill iontas dá chumas, briseann Fearghas agus Cormac Conn Loingeas isteach ar an bpríomhscéal le cur síos ar óige an ghaiscígh — na Macghníomhartha, bailiúchán iontach scéalta gearra a chuireann an laoch in aithne don léitheoir.
Tá eolas coitianta ar scéalta móra na Macghníomhartha, ach ní miste súil a chaitheamh ar cheann amháin díobh ina dtugtar léiriú dorcha ifreannda dúinn ar mhá an áir:
Bhí an oíche dorcha. Thug [an Mac Beag] a aghaidh ar mhá an áir. Ní fada go bhfaca sé roimhe fear agus gan air ach leath a chloiginn, agus leath fir eile ar a mhuin.
Fóir orm, arsa an fear leis an mac beag. Táim leonta, agus thugas leath mo bhráthar liom ar mo mhuin. Tabhair cúnamh dom tamall.
Ní thabharfad,
arsa an mac beag.
Chaith an fear an t-ualach chuige, ach chaith an macaomh de é. Chuadar ag iomrascáil ansin
gur treascraíodh an
mac beag.
Leis sin, labhair an bhadhbh os cionn na gcorp. Is olc an t-ábhar laoich é sin faoi chosa an arrachta, ar sí.
D’éirigh an mac beag agus bhain an ceann den fhear lena chamán, agus d’imigh leis thar mhá an áir agus é ag greadadh an chinn roimhe lena chamán, mar a bheadh liathróid ann. An bhfuil mo phopa Conchúr san ármhá seo? ar sé.
D’fhreagair Conchúr é. Chuaigh an mac beag chuige gur tháinig ar Chonchúr sa chlais agus é sínte sa phuiteach.
Cad a thug ort teacht chuig an ármhá? arsa Conchúr. An é gur theastaigh uait an t-uafás seo a fheiceáil?
Thóg an mac beag Conchúr as an gclais.
Imigh romham go dtí an teach úd thall, arsa Conchúr leis, agus las tine dom.
D’fhadaigh an mac beag tine bhr eá dó gur chuir Conchúr ina shuí os a comh air.
Dá bhfaighinn muc á róstadh anois, arsa Conchúr, bheinn beo.
Isteach leis an mac beag sa choill gur tháinig ar fhulacht fia agus gaiscíoch mór uafásach ina shuí ann, a arm gaisce ina leathláimh, agus torc á róstadh aige leis an láimh eile. Thug an mac beag fogha faoi gur thug leis a cheann agus an torc. (916-948)
‘Sin é mo thitimse go broinne brátha’
Leantar de na Macghníomhartha go dtugtar eolas dúinn ar an té atá amach os comhair an ollslua sula mbuailtear bóthar arís. Agus ní uafás ar fad é, tá míreanna níos séimhe ann. Scéal an charbadóra a bhí ag baint cuilinn dá mháistir sa choill nuair a tháinig Cú Chulainn air, cuir i gcás.
Níor aithin an t-ara Cú Chulainn agus nuair a d’fhiafraigh an Cú de céard a bhí ar siúl aige, is é a dúirt sé:
‘Táimse,’ arsa an t-ara, ‘ag baint fearsaidí carbaid cuilinn anseo, óir briseadh ár gcarbaid inné agus sinn ag seilg na heilite oirirce úd, Cú Chulainn. Agus, ar son d’óglachais, a óglaigh, cabhraigh liom sula dtaga an Cú Chulainn oirearc céanna sin.’
‘Do rogha duit, a ghiolla,’ arsa Cú Chulainn, ‘iad a bhailiú nó iad a scothadh?’
‘Déanfadsa a mbailiú ós é is fusa.’
Thosaigh Cú Chulainn ar a scothadh gur tharraing in aghaidh a bhfiar is a bhfadhb iad, trí ladhracha a chos is a lámh, gur fhág mín snasta sleamhain iad. Bhláthnaigh sé ansin iad ionas nach seasfadh an chuil féin orthu ach a ligeadh sé uaidh iad.
D’fhéach an t-ara air. ‘Dar liom,’ ar sé, ‘ní hobair chuí a chuireas ort. Cé thú féin ar chor ar bith?’
‘Is mise an Cú Chulainn oirearc úd a luaigh tú anois beag.’
‘Mo mhairg,’ arsa an t-ara, ‘más tú. Sin é mo thitimse go broinne brátha.’ (1567-1583)
Is deacair é sin a léamh gan gáire beag a dhéanamh faoin iomrall aithne sin ar chuid de dhlúth is d’inneach na drámaíochta fós é, ná den sampla breá den ‘íoróin dhrámata’ ar mór i gceist i gcúrsaí scánnáin is scripte í — is é sin, nuair is mó eolais a bhíonn ag an bhféachanóir (nó ag an léitheoir) ná mar a bhíonn ag an gcarachtar a bhfuil dallamullóg curtha air.
‘Chodlaímis tromchodladh iar dtromnithe.’
Ar deireadh, agus iad bréan den scrios atá á dhéanamh ar a slua, cuireann Ailill agus Méabh teachta chuig laoch mór na nUltach agus é ‘ina shuí lomnocht sa sneachta, an sneachta go ceathrúna air, agus míola á mbaint as a léine aige’ (2064-5). Mar thoradh air sin, troidtear comhrac i ndiaidh comhraic nó go dtroidtear comhrac mór Fheardia agus Chú Chulainn, scéal atá ar eolas againn ar fad. Tar éis dó Feardia a mharú, caoineann an Cú a chomrádaí:
Bhíomar inár gcoiglí croí,
bhíomar ‘nár gcaoifigh choille,
bhíomar ‘nár bhfir chomhéirí,
chodlaímis tromchodladh
iar dtromnithe.3
Sampla breá atá sa rann sin d’éifeacht mhothálach an athrá ar an léitheoir,
an éifeacht chéanna atá in Caoineadh Airt Uí Laoghaire:
thug mo shúil aire dhuit,
thug mo chroí taitneamh duit,
d’éalaíos óm charaid leat
i bhfad ó bhaile leat.4
Leis an athrá, éiríonn leis an scríbhneoir ga a chur thar mhúrtha cosanta na hintleachta, go n-aimsíonn na mothúcháin sa cholainn féin. Ní hé mo leagansa den rann atá tugtha thuas ach leagan Liam Mhic Cóil ón úrscéal An Dochtúir Áthas — rud nach macalla é, dar ndóigh, ach tagairt lom dhíreach.
Grá Gréagach i gCathair Vín
Gan a dhul go domhain san úrscéal sin, tá fothéama ann a bhaineann le caidreamh idir an Dr Sigimund Freud agus an Dr Wilhelm Fliess i Vín na hOstaire, ach trí thagairt a dhéanamh don chaidreamh laochmhar idir Cú Chulainn agus Feardia i gcomhthéacs scéil sin Freud agus Fliess, déantar uaisliú ar chaidreamh Freud agus Fliess, agus thar rud ar bith eile, cuirtear an caidreamh homo-earóideach inár láthair mar chaidreamh fearúil (sa chiall Ghréagach, dar ndóigh), mar a bheadh caidreamh idir fir throda a chaitheann an oíche le chéile sula ngabhaid dá chéile de rinn is d’fhaobhar.
In ainneoin an Chú, gluaiseann an t-ollslua ó thuaidh agus baintear a dhúiche féin i Maigh Mhuirtheimhne amach. Ag an bpointe sin, moilleann an scríbhneoir luas na troda — más go gairid féin é:
‘Sheas Cú Chulainn an lá sin ag an bhFeart i Learga i bhfogas is i gcóngar dóibh agus d’adhain a ara, Lao mac Rianghabhra, tine dó tráthnóna na hoíche sin. Ar na néalta le fuineadh gréine, chonaic Cú Chulainn gríostaitneamh na n-arm glan órga os cionn cheithre ollslua Éireann. Ghabh fearg is loinne mhór é nuair a chonaic sé líonmhaire a namhad.
Thóg sé a dhá shleá is a sciath is a chlaíomh. Chroith sé a sciath, ghread sé a shleánna, bheartaigh sé a chlaíomh agus lig sé gáir churaidh as a bhráid ionas gur fhreagair bonnánaigh is bocánaigh is ginte glinne is deamhain aeir le hurghráin na gártha a thóg sé os ard agus gur chuir an Neamhain mearbhall ar an slua.’ (2997-3011)
Dar ndóigh, níl ansin ach eadarlúid, deis anála don Chú agus don léitheoir sula n-imrítear an Carbad Searrdha ar an namhaid i mBrisleach Mhór Mhaigh Mhuirtheimhne.
‘Mura dtiteann an fhirmimint ar thonnghnúis na talún’
Goidtear an tarbh, sladtar an cúige, agus casann an t-ollslua ar ais, tarbh agus bólacht na nUltach á dtiomáint rompu acu. Is é Sualdamh, athair Chú Chulainn, a mhusclaíonn na hUltaigh. ‘Fir á marú, mná á bhfuadach, ba á dtiomáint, a Ultacha,’ ar sé. (‘Fir gontair, mná brattar, baí agthar,’ LU), agus is go daor a íocann sé an téiléireacht.
Dá thoradh sin, dúisítear Conchúr as an gCeas Naíon: ‘Tá an gleo seo beagán rómhór,’ arsa Conchúr, ‘óir tá neamh os ár gcionn agus talamh fúinn agus muir máguaird, ach mura dtiteann an fhirmimint lena frasa réaltaí ar thonnghnúis na talún, nó mura scoilteann an talamh i gcumhscú, nó mura dtagann an fharraige iascach eochairghorm ar dhromchla an domhain, tabharfaidh mise gach bó is gach bean díobh ina lios is ina macha, ina háit is ina háitreabh féin, tar éis cath is comhlann a bhuachan.’ (4981-4988)
Tá macalla sa chaint sin de shliocht as Anabasis Arrian (ón dara haois) ina bhfuil cur síos ar theachtaí ó Cheiltigh dheisceart na hEorpa a tháinig chuig Alastar Mór cois Danóibe agus, nuair a fiafraíodh díobh cén faitíos ba mhó a bhí orthu, a dúirt gurbh é titim na spéire sa mhullach orthu an rud is mó a chuirfeadh faitíos orthu.5
Scéal faoi Dhá Chaithir
Agus Conchúr ina lándúiseacht, ordaíonn sé dá theachta fios a chur ar a shluaite: ‘Éirigh uaim go Deá ina inbhear, go Leamhain, go hIollann mac Fearghasa, go Gabhar, go Dorlunsa, go hIomchlár, go Dearg Indeirg, go FeilimíChiolair Chéataigh, go Faoladhán, go Rochaidh mac Faithiúin, go Rí-Dhonn, go Lughaidh, go Lú, go Cafadh ina inbhear, go na trí Chairbre, go hAola, go Lao ar a thóchar, go Geimhin ina ghleann ...’ (4994-5005)
Agus mar sin de, go gcuireann sé fios ar laochra na nUltach. Agus, cé nach ann dóibh ar dtús, trína n-ainmniú agus a liostáil, cruthaítear cathlán fear os ár gcomhair amach, cathlán Ultach a thabharfas aghaidh ar Chonnachtaigh. Níl an liosta sin gan ábhar grinn, óir tá ‘Geimhin ina ghleann’ againn (Gleann Gheimhin i gContae Dhoire) agus ‘Deá ina inbhear’ (Inbhear Deá i gContae Chill Mhantáin), agus mar sin de.
Liosta é a thugann na leathanaigh dheireanacha i ngearrscéal sin Alan Titley ‘Scéal faoi Dhá Chaithir’ chun cuimhne: ‘Cár mhiste di ar aon nós cé a bhí ann, b’iad an cineál’ céanna iad ba chuma cén t-ainm nó sloinne a chuirfeá orthu. Bhí sí suite de go raibh an ceartchreidmheach agus an dílseoir, an phearóid agus an ceann cabáiste, an mhuc-i-mála agus an sickeolaí ar a bhfuaid, an breitheamh agus an struchtúraí, agus slabaire órga agus an lánstaonaire, an colúnaí spóirt agus an gearrscéalaí smairteáilte mar aon leo, gan trácht in aon chor ar na hardmháistrí agus na cléirigh, na foclógóirí agus na filí beaga, na blascaoideasoirí agus na feiminigh fhrith-fhireannacha rastafaraíacha leispiacha ...’ 6
Agus mar sin de ar feadh cheithre leathanach, mar a bhfuil na scoláirí go n-iomad eolais, na málaí gaoithe, na Seáiníní báite, agus na léachtóirí leamha. Tá greann nó draíocht dá gcuid féin ag liostaí na litríochta ach géilleadh don téacs.
Bua Mhéibhe
Agus armshlua cruinnithe ag Conchúr, gluaiseann sé i ndiaidh na gConnachtach. Ar deireadh, in ‘Tóstal Fhir Éireann’, nuair is crua d’Ailill, cuireann sé fios ar na panzers — is é sin ar na Trébhuíonta (‘ferchutredaig fer nHérend’ LU):
‘Éirigh, a Throighthréin. Cuirim thú go trí Chonaire Sléibhe Mis, trí Leisinn Luachra, trí Mhéid Chairbre Lóiste, trí Bhúir Buaise, trí Bhadhbh Bhuainí, trí Bhualtach Bearú, trí Mhuiríoch Mairge, trí Laoire Leice Deirge, trí Shuibhne Siúire ...’ (5722-5726)
Mar a rinne Conchúr roimhe, cuireann Ailill fios ar a chuid gaiscíoch féin, agus is gearr go dtaispeántar colún fada fear dúinn ag teacht chugainn, triúr ar thriúr, chun aghaidh a thabhairt ar na hUltaigh. Agus, de bhua na scríbhneoireachta, an rud nach raibh ann roimhe sin, is ann dó!
Leis sin, troidtear cath mór na Tána, agus in ainneoin na gConnachtach, éiríonn leo an tarbh a thiomáint siar thar Sionainn (rud is údar don scéal seo) agus éiríonn le Méabh sa rud a chuir sí roimpi a dhéanamh.7
Tar éis chath an dá shlua, troidtear cath an dá tharbh, agus cé go maraíonn an Donn Cuailnge tarbh Ailealla, cailltear an Donn dá chréachtaí. Agus sin é deireadh an scéil: tá Méabh is Ailill cothrom anois mar nach bhfuil tarbh ag ceachtar acu.
Norman Mailer agus Don Delillo
Ní hionann is gnáthshaothar ealaíne Táin Bó Cuailnge. Níl sí ábharthach, téamach, ná comhaimseartha, is saothar eipiciúil í. Í gotach, gabhlánach, barocach, is gaire í d’ardeaglais mhór na meánaoise8 ná don liric ghearr fuinte.
Mar a deir an léirmheastóir Henry Aiken, ‘There is no question that the first and hardest lesson in all aesthetic education is attention to the object itself,’9 agus, ar an dul sin, caithfidh an léitheoir géilleadh do luas, fuaim agus do rithimí na Tána — sin, agus dá struchtúr agus dá cruth (rud nach féidir a dhéanamh i leagan an Chadhlaigh).
Ceann de na rudaí is suntasaí faoin Táin is ea guth ceannasach údarásach na reacaireachta. Is mór idir é sin agus an réim ghutha a chleachtaíonn nua-scríbhneoirí na hÉireann nó na hEorpa — scríbhneoirí ar mó a spéis in íochtaráin agus i gciumhaiseanna an tsaoil agus sa chur síos ar shaol an ghnáthdhuine i dteanga an ghnáthdhuine.
Fearacht na n-eaglaisí móra, baineann an Táin le litríocht an láir, agus le healaín na cumhachta, saothar a scríobh scríbhneoirí féinmhuiníneacha dá bpátrúin fhéinmhuiníneacha — níos cosúla ar bhealach le healaín na cumhachta sna Stáit Aontaithe inniu, le installations na healaíne poiblí agus le húrscéalta Norman Mailer agus Don Delillo, nó le droichead Calatrava, cuir i gcás, ná le saothar na scríbhneoirí a bhíonn ag saothrú ar chiumhais an chriathraigh agus ar chladaí an iarthair.
I ndeireadh na cúise, níl cur síos níos fearr agam ar an Táin ná Salamandar Mór de Leabhar — lán liostaí, logainmneacha, seachmaill is scéalta thairis, aimhrialtachtaí, bearnaí, idir mhaith agus olc! — agus a rithim agus ceol dílis féin aici.
Is san athléamh a nochtar ceol is rithimí na Tána, agus is ann atá an chritic, dar le Harold Bloom (agus cé go bhfuil Bloom as fabhar anois, bhí an ceart aige sa mhéid sin) mar is ann freisin a chruthaitear na clasaicí.10
Go deimhin, is saothar í an Táin atá beag beann ar an ábharthacht atá chomh mor i gceist i léann na litríochta inniu. Cosúil le Cré na Cille, Seachrán Chearbhaill, An tOileánach, Fonn a Níos Fiach, Aistí Phádraic Uí Chonaire, Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne, Caoineadh Airt Uí Laoghaire, Is Fada Liom Oíche Fhíorfhliuch, M’anam do sgar riomsa a-raoir Seán Ó Duibhir an Ghleanna ... is seoid í Táin Bó Cuailnge.
Is maith í an cur chuige téamach agus an cur chuige ábharthach, agus níl sé á mhaíomh anseo agam nach bhfuil inscne, féiniúlacht, imirce, inimirce, coimhthíos, cearta an duine nó pleanáil teanga tábhachtach. Tá, agus pléitear iad, in ainm Chroim! Ach san anailís a dhéanamid ar an litríocht, mura dtugtar tús áite don litríocht féin agus don chur chuige aeistéitiúil, ní hamháin go bhfágfar saothar na seanlitríochta faoi rannóga na teangeolaíochta amháin, ach fágfar mic léinn chéimithe na litríochta gan bhlaiseadh d’ealaín na litríochta Gaelaí, idir shean agus nua, agus gan é ar a gcumas léirmheas a scríobh ar leabhar ficsin.
Teip na Léirmheasa
Sna hirisí a bhfuil scríbhneoirí, foilsitheoirí agus scoláirí ag brath orthu mar ardáin ficsin is léirmheasa, le blianta anuas, tá titim ar chaighdeán na léirmheasanna. A bhfurmhór, anois, ní bhíonn iontu ach achoimre ar an leabhar.
Tá glúin iomlán léirmheastóirí tugtha ar an saol againn nár fhoghlaim le saothar a mheas, nach bhfuil ar a gcumas tuairim a thabhairt a bheadh bunaithe ar athléamh na litríochta, agus nach dtuigeann nach leor a thabhairt le fios go bhfuil saothar go maith ach gur gá a thaispeáint cén fáth a bhfuil sé go maith.
Cén leigheas atá air? Tá a leigheas sa phlé a déantar ar an litríocht i hallaí beannaithe an léinn. Mura bhfuil sa phlé sin ach achoimre ar phlota, nó tagairtí do leabhar (nó téacs!) i dtaca le plé ar théama na hiscne nó na himirce nó na hindibhidiúlachta, ní bheidh sé ar chumas an mhic léinn saothar ficsin a mheas.
Ní hamháin sin, ach más é
an cur chuige ábharthach atá i réim, ní móide gurb iad na saothair is fearr a roghnófar ar chúrsaí litríochta ach na saothair a thagann leis an téamaí atá faoi chaibidil. Agus ní dhéanfar staidéar ar na saothair sin ar bhonn aesteitice, ná ní phléifear réim is rithim na scríbhneoireachta ná na rudaí is dlúth is inneach d’ealaín na litríochta iad. Go hachomair,
ní dhéanfar staidéar ar an litríocht.
Tagairtí
1 Cormac Ó Cadhlaigh, An Rúraíocht, BÁC, 1956.
2 Is ionann LU agus Leabhar na hUidhre (Cecile O’Rahilly 1976) agus LNC agus Leabhar na Nua-Chongbhála (Cecile O’Rahilly 1969).
3 Liam Mac Cóil, An Dochtúir Áthas, 1994, 126-7.
4 Seán Ó Tuama, Caoineadh Airt Uí Laoghaire, 1961.
5 Arrian, Anabasis Alexandri (aist. Aubrey de Sélincourt), 1971.
6 Alan Titley, Eiriceachtaí agus Scéalta Eile, 1987.
7 Greg Toner, ‘Reading the Táin from back to front’, Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster: Reassessments, eag. John Carey, 2020.
8 Labhrann Edel ar architechtonic unity agus ar semiliterate epic in Doris Edel, Inside the Táin, 2015.
9 Henry Aiken, ‘The Concept of Relevance in Aesthetics’ The Journal of Aesthetics and Art Criticism, 1947.
10 Harold Bloom, The Western Canon, 1994.