Pacáiste: Litríocht na Gaeilge ar Fud an Domhain

Pacáiste: Litríocht na Gaeilge ar Fud an Domhain

Eagarthóirí
Ríona Nic Congáil, Máirín Nic Eoin, Meidhbhín Ní Úrdail, Pádraig Ó Liatháin, Regina Uí Chollatáin
Praghas
€20.00
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Tairiscint speisialta: Lascaine 50% nuair a cheannaítear an dá imleabhar seo le chéile (€20 in áit €40)

Tá 26 aiste sa dá imleabhar seo (Imleabhar I agus II), a théann i ngleic le ceisteanna agus comhthéacsanna idirnáisiúnta na Gaeilge le míle bliain anuas.

  • - Cad é an gaol idir scéalta taistil agus imirce na nGael agus cumadh, caomhnú agus seachadadh an léinn agus na litríochta ag tréimhsí éagsúla i stair chultúrtha na tíre?
  • - Cad iad na meáin agus na próisis chultúrtha a chuaigh i bhfeidhm ar litríocht na Gaeilge i gcomhthéacs diaspórach?
  • - Cad iad na seánraí nua a tháinig chun cinn agus cén ról a bhí ag pobail agus ag gréasáin thrasnáisiúnta i bhforbairt na litríochta in Éirinn féin?
  • - Cé chomh tábhachtach is atá an toise idirnáisiúnta do shaothrú an léinn agus na litríochta sa Ghaeilge sa lá atá inniu ann?
  • - Cad é ról na teicneolaíochta digití i gcothú scríbhneoireacht, léitheoireacht agus scoláireacht na Gaeilge i gcomhthéacs domhanda?

Cuireann an dá imleabhar bonn nua faoin taighde sa ghort bisiúil ilghnéitheach seo.

About the book

Special offer: 50% discount when purrchasing these two volumes together (€20 instead of €40)

These two volumes (Volume I and II) contain 26 essays that address Irish language questions and international contexts over the past thousand years.

  • What is the relationship between travel stories & Irish emmigration and the composition, preservation and distribution of study and literature at certain points in the cultural history of the country?
  • What are the mediums and cultural processes that had an effect on Irish literature in the context of diaspora?
  • What new genres developed and what role did communities and traditional networks play in the development of literature in Ireland?
  • How important is the international measurement for the cultivation of study and literature in Irish in the present day?
  • What is the role of digital technology in the sustaining of Irish writing, reading and scholarship in a global context?

These two volumes give a new footing to the research in this multi-dimensional field of study.

Eagarthóirí

Ríona Nic Congáil

Ríona Nic Congáil

Tógadh Ríona Nic Congáil i nGaillimh. Scríobh sí leabhar do pháistí nuair a bhí sí sa chéad bhliain san ollscoil, An Túr Solais (Coiscéim, 2004). D’fhoilsigh sí dhá leabhar eile do pháistí ina dhiaidh sin: An Leabhar Órga (Coiscéim, 2006) agus Saol an Mhadra Bháin (LeabhairCOMHAR, 2011). Idir 2007 agus 2012, bhí sí i mbun ‘Cumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge’, a chuir gréasán tacaíochta ar fáil do scríbhneoirí nua na Gaeilge. Chuir sí dhá eagrán speisialta de Comhar in eagar: Comhar: Eagrán na Scríbhneoirí Úra (Deireadh Fómhair 2009); Comhar: Eagrán na Scríbhneoirí Úra (Meán Fómhair 2010). Bhain sí Ph. D. amach sa Nua-Ghaeilge ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sa bhliain 2009. I measc a cuid foilseachán tá Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Fhís Útóipeach Ghaelach (Arlen House, 2010), Úna Ní Fhaircheallaigh: Smaointe Ar Árainn/Thoughts on Aran (eag.) (Arlen House, 2010, 2014), Codladh Céad Bliain: Cnuasach Aistí ar Litríocht na nÓg (eag.) (2012), Laethanta Gréine & Oícheanta Sí: Aistí ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg (comheag.) (2013), agus Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain: Imleabhar I agus Imleabhar II (comheag.) (2015).

Tuilleadh eolais

Máirín Nic Eoin

Máirín Nic Eoin

Tá Máirín Nic Eoin ina hOllamh Uí Chriagáin le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach/Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is scoláire Nua-Ghaeilge í a bhfuil spéis taighde aici i stair agus i socheolaíocht na litríochta, agus i bhforbairt modhanna critice atá oiriúnach d’fhoirmeacha agus do théamaí na litríochta i dteanga mhionlaithe. Ar na foilseacháin is tábhachtaí dá cuid, tá: An Litríocht Réigiúnach (An Clóchomhar, 1982); Eoghan Ó Tuairisc: Beatha agus Saothar (An Clóchomhar, 1988); B’Ait Leo Bean: Gnéithe den Idé-eolaíocht Inscne i dTraidisiún Liteartha na Gaeilge (An Clóchomhar, 1998); agus Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge (Cois Life, 2005). Bhí sí ina heagarthóir nó ina comheagarthóir ar thrí dhíolaim liteartha agus ar chúig leabhar acadúil. Tá aistí critice léi ar ghnéithe éagsúla de nualitríocht na Gaeilge foilsithe in irisí scolártha agus i leabhair éagsúla.

Tuilleadh eolais

Meidhbhín Ní Úrdail

Meidhbhín Ní Úrdail

Corcaíoch ó dhúchas is ea an tOllamh Meidhbhín Ní Úrdail MRIA agus í ar fhoireann na Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Údar áitithe is ea í ar oidhreacht lámhscríbhinní Gaeilge an ochtú agus an naoú céad déag. I measc a cuid foilseachán tá: The scribe in eighteenth- and nineteenth-century Ireland: motivations and milieu (2000); Léann lámhscríbhinní Lobháin. The Louvain manuscript heritage (comheag.) (2007); Cath Cluana Tarbh. ‘The Battle of Clontarf’ (2011); Sealbhú an traidisiúin (comheag.) (2013); Mo ghnósa leas an dáin: aistí in ómós do Mháirtín Ó Direáin (comheag.) (2014); Aon don éigse: essays marking Osborn Bergin’s centenary lecture on bardic poetry (comheag.) (2015); Pádraig Ó Laoghaire (1870-1896): an Irish scholar from the Béarra Peninsula (2021).

Tuilleadh eolais

Pádraig Ó Liatháin

Ollamh cúnta in Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU.

Fuair Pádraig Ó Liatháin a chuid oideachais ollscoile i gColáiste na Tríonóide, idir BA, M. Litt., agus PhD. Tá sealanna caite aige ag léachtóireacht agus ag múineadh i gColáiste na Tríonóide, i gColáiste Oideachais Froebel, in Ollscoil Sheárlais, Prág agus le Gaelchultúr.

Tá taighde déanta agus altanna scríofa aige ar Éamonn Mac Giolla Iasachta ar Sheán Ó Ríordáin ar Dhonncha Rua Mac Conmara agus ar Thalamh an Éisc.

Scríobh sé tráchtas dochtúireachta ar an dán eisceachtúil ón 18ú céad, Eachtra Ghiolla an Amaráin, le Donncha Rua Mac Conmara. Tá eagrán den dán ag na clódóirí i láthair na huaire don tsraith Filí a thionscain Field Day Publications, Ollscoil Notre Dame, ach a chuirfidh Cló Iar-Chonnacht amach an bhliain seo chugainn.

Iar-eagarthóir Gaeilge é ar Eighteenth Century Ireland: Iris an dá chultúr ar feadh ceithre heagrán (2012-15) agus tá sé ina bhall seachtrach d'Ionad an Léinn Éireannaigh, i Roinn an Bhéarla in Ollscoil Sheárlais, Prág.

Tá sé ag obair lena chomhghleacaí, Éadaoin Ní Mhuirceartaigh ar dhíolaim litríochta taistil sa Ghaeilge 1600-2000.
Faoi láthair tá sé ag obair ar an mhórthionscadal taighde .i. dialanna Sheáin Uí Ríordáin a thrascríobh agus a chur i gcló.

Is suim leis litríocht na Gaeilge ón 17ú haois go dtí an lá atá inniu ann, agus tá suim acadúil agus phearsanta aige in amhráin na Gaeilge idir shean-nós agus nua-chumtha.

Tuilleadh eolais

Regina Uí Chollatáin

Regina Uí Chollatáin

Tá cuid mhaith foilsithe ag Regina Uí Chollatáin ar na meáin Ghaeilge agus ar ré na hAthbheochana, ina measc dhá leabhar mar údar aonair, An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae 1899–1932 (2004), Iriseoirí Pinn na Gaeilge (2008) agus Films Gaelic á Catalunya. Scannáin Ghaelacha sa Chatalóin (Uí Chollatáin & White, 2014) mar chomhúdar. Is comheagarthóir í ar 6 leabhar, Saothrú na Gaeilge Scríofa i Suímh Uirbeacha na hÉireann, 1700–1850 (Mac Mathúna & Uí Chollatáin, 2016) agus Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain (Nic Congáil et al, 2015) ar na cinn is déanaí.

Is Ceann Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, UCD í agus bhí sí ina Stiúrthóir ar Lárionad de Bhaldraithe UCD agus ar Scoil Iarchéime, Coláiste na nEalaíon agus an Léinn Cheiltigh UCD. Bronnadh Ollúnacht Chuairte Shinsearach uirthi ó Fhondúireacht Ollscoileanna Éireann Cheanada (2011–12) agus ba chomheagarthóir í ar Ainm.ie (2012–15). Dála duaiseanna liteartha, bronnadh Gradam Lil Nic Dhonncha agus Bonn Dhonnchadh Uí Shúilleabháin uirthi i 1999, 2001 agus 2002 ag Oireachtas na Gaeilge don taighde ar Stair Chonradh na Gaeilge agus bronnadh duais liteartha uirthi dá saothar Iriseoirí Pinn na Gaeilge (2008).

Is í an Cathaoirleach ar an Newspaper and Periodical History Forum of Ireland í agus is ball í de Choiste Léann na Gaeilge, Litríocht na Gaeilge agus na gCultúr Ceilteach in Acadamh Ríoga na hÉireann. Ba í an chéad Chathaoirleach ar an Fhóram Náisiúnta uile-oileánda Forbartha Teanga agus ar phainéal na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh do Ghradaim Bhunchéime Éireann. Ba bhall í de chéad Bhord Stáit TG4 agus is painéalaí rialta í ar chláracha litríochta agus cúrsaí reatha, agus ar chláracha faisnéise TG4, RTÉ agus BBC.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…