Iarbhráthair, iarmhúinteoir, iarléachtóir agus iaraistritheoir is ea Liam, ach scríbhneoir ba ea é i gcaitheamh na mblianta sin go léir. Tá na hiar-anna sin curtha laistiar de anois, agus is scríbhneoir lánaimseartha iarbhír atá ann. Scríbhneoir ilghníomhach, ilchumasach é a mbíonn raon leathan séanraí scríbhneoireachta mar chleachtas aige. Tá taithí aige ar obair eagarthóireachta, agus ar aistí critice a scríobh mar aon leis an scríbhneoireacht chruthaitheach. Is mó díolaim filíochta foilsithe ag Liam, ina measc: Fíon as Seithí Óir (1972), Asail (1982), An Dá Scór (1984), An Giotár Meisce (1988), Loch Deirg-Dheirc (1994), Plumaí (1997), Gealadhram (2002) agus Cnap-Uaisle (2008). Tá cáil air freisin mar úrscéalaí agus mar ghearrscéalaí. Désirée (1989), Geineasas (1991), An Leanbh sa Lamborghini (1996), Sna Flaithis go hArd (2011) mar úrscéalta aige agus Sean-Dair (1985), agus Scéalta nach Beag (2002) foilsithe mar chnuasaigh gearrscéalta. Léiriú eile ar réimse a cheirde na foilseacháin do pháistí. Foilsíodh Crúibín, scéal faoi shearrach agus a chuid eachtraíochta, i 2001. Lean uaidh seo Cara ag Crúibín (2003), agus Crúibín agus an tAsal (2007).