Pacáiste: Litríocht na nÓg
- Údar
- Órla Ní Chuilleanáin
- Eagarthóirí
- Ríona Nic Congáil, Caoimhe Nic Lochlainn, Róisín Adams, Claire Marie Dunne
- Praghas
- €37.00
- Sraith: Neamhfhicsean
-
Scaip an leabhar seo
Tairiscint speisialta: Lascaine 50% nuair a cheannaítear na ceithre leabhar seo le chéile (€37 in áit €74)
Special offer: 50% discount when all four books are purchased together (€37, usually €74)
Tógadh Ríona Nic Congáil i nGaillimh. Scríobh sí leabhar do pháistí nuair a bhí sí sa chéad bhliain san ollscoil, An Túr Solais (Coiscéim, 2004). D’fhoilsigh sí dhá leabhar eile do pháistí ina dhiaidh sin: An Leabhar Órga (Coiscéim, 2006) agus Saol an Mhadra Bháin (LeabhairCOMHAR, 2011). Idir 2007 agus 2012, bhí sí i mbun ‘Cumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge’, a chuir gréasán tacaíochta ar fáil do scríbhneoirí nua na Gaeilge. Chuir sí dhá eagrán speisialta de Comhar in eagar: Comhar: Eagrán na Scríbhneoirí Úra (Deireadh Fómhair 2009); Comhar: Eagrán na Scríbhneoirí Úra (Meán Fómhair 2010). Bhain sí Ph. D. amach sa Nua-Ghaeilge ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sa bhliain 2009. I measc a cuid foilseachán tá Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Fhís Útóipeach Ghaelach (Arlen House, 2010), Úna Ní Fhaircheallaigh: Smaointe Ar Árainn/Thoughts on Aran (eag.) (Arlen House, 2010, 2014), Codladh Céad Bliain: Cnuasach Aistí ar Litríocht na nÓg (eag.) (2012), Laethanta Gréine & Oícheanta Sí: Aistí ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg (comheag.) (2013), agus Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain: Imleabhar I agus Imleabhar II (comheag.) (2015).
Scríbhneoir agus iriseoir is ea Róisín Adams. Tá céim bainte amach aici ó Choláiste na Tríonóide sa Bhéarla agus sa Ghaeilge, chomh maith le dochtúireacht i litríocht Ghaeilge na n-óg. Chaith sí seal ag teagasc i gColáiste Phádraig agus ina dhiaidh sin le Gaelchultúr, áit ina bhfuil sí ina Bainisteoir Forbartha Curaclaim faoi láthair. Cuireann sí clár ar chúrsaí litríochta, Aon Scéal?, i láthair ar Raidió na Life.