I ngéibheann sa bhaile
Amber Nic DháibhéidIs iontach mar a tharraingíonn Réaltán Ní Leannáin an ficsean chuici chun aghaidh a thabhairt ar pholaitíocht inscne na coimhlinte, a deir Amber Nic Dháibhéid
Liosta na n-alt ar fad a bhfuil an topaic 'Litríocht' luaite leo.
Is iontach mar a tharraingíonn Réaltán Ní Leannáin an ficsean chuici chun aghaidh a thabhairt ar pholaitíocht inscne na coimhlinte, a deir Amber Nic Dháibhéid
Lóchrann agus spreagadh í Biddy Jenkinson don fhile, ach ní furasta taighde dochtúireachta a dhéanamh uirthi, a deir Laoighseach Ní Choistealbha
Tá borradh tagtha faoin bpictiúrleabhar in Éirinn, go háirithe i litríocht Ghaeilge na n-óg, a deir Claire Dunne
Tá Máire Dinny Wren ar dhuine de na gearrscéalaithe is cumasaí atá ag saothrú sa nGaeilge faoi láthair, a deir Peter Weakliam
Tá an Jungachas agus próiseas an indibhidithe lárnach i bhfilíocht Dhairena Ní Chinnéide, a deir Katie Nic Con Midhe
Mar fhile airíonn Áine Ní Ghlinn an difríocht idir tostanna, a deir Laoighseach Ní Choistealbha
Pléann Clíona Ní Ríordáin na tréithe a mheall Ailbhe Ní Ghearbhuigh go saothar Andrée Chedid
Pléann Lydia Uí Ruairc teacht in inmhe na déaglitríochta Gaeilge in Aisling nó Iníon A le hÉilís Ní Dhuibhne
Caomhnaíonn Mná dár mhair le hÁine Uí Fhoghlú scéalta casta na mban agus na sochaí inar mhair siad, a deir Ríona Ní Churtáin
Le linn dó a bheith ag obair ar úrscéal tháinig Darach Ó Scolaí ar bheirt scríbhneoirí a d’fhág a lorg ar a shaothar
Tá bearnaí fós le líonadh san aithne atá againn ar Thomás Ó Caiside, a deir Alan Titley
Is minic ceisteanna teanga ag teacht chun cinn i bhfilíocht Derick Thomson, a deir Proinsias Ó Drisceoil
Splancfhicsean nua le Hannah Ní Chonghaile
Tá riachtanais ar leith ag an scríbhneoir Gaeilge nach bhfuil Gaeilge ón gcliabhán aige ach ba mhímhúinte an mhaise d’aon duine labhairt faoi, a deir Éilis Neary
Úrscéal daingean dána fíochmhar fileata é ‘Saighdiúir’ le Cathal Ó Searcaigh, a deir Alan Titley
I ndiaidh Éirí Amach na Cásca i 1916 a leag príosúnaigh phoblachtánacha síos múnla ‘jail-tachta’, a deir Eoghan Mac Cormaic
Tá againn sa cheathrú cnuasach gearrscéalta le Alan Titley scéalta a bhogann ceisteanna na linne chomh maith le ceisteanna na healaíne, a deir Máirtín Coilféir
Deir Alan Titley go bhfuil an Nua-Ghaeilge ina steillbheatha i dteasáras Gaeilge-Béarla iontach Garry Bannister
Is iomaí snáth a bhaineann le scéal ‘Innti’ a deir Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Tristan Rosenstock, eagarthóirí cnuasach nua aistí faoin iris iomráiteach
Sliocht as úrscéal nua le Cathal Ó Searcaigh
‘An Táin’, an Chanóin agus Ábharthacht na Litríochta atá faoi chaibidil ag Darach Ó Scolaí
Seanchaí agus file ab ea Feargal Ó Béarra a dhéanfadh cis ar na caochphoill duit, a deir Máire Ní Fhinneadha
Cuimhníonn Arndt Wigger ar a chomrádaí agus comhghleacaí Feargal Ó Béarra
Níl ó Bhoth Chuanna go dtí an Cnocán Glas ach fad cic asail agus athChadhnach a bhí sa mBéarrach, a deir Diarmuid Johnson
Sleachta as Comhar – eagráin mhí Feabhra leis na blianta Donncha Ó hÉallaithe
Togra ‘béaloideas poiblí’ a bhí agus atá in obair RnaG a deir Dáithí de Mórdha ina leabhar nua, Raidió na Gaeltachta Cultúr agus Pobal
Agus Réics Carló curtha i gcló arís, meabhraíodh don bhlagálaí Aonghus Ó hAlmhain laoch eile don chleas óg ar mhaith leis é a fheiceáil i gcló arís
Tá sé céad bliain an mhí seo ó rugadh an scríbhneoir Gaeilge ba mhó ráchairt riamh, agus is fiú agus is mithid dúinn an t-éacht a rinne Cathal Ó Sándair a chomóradh, a deir Róisín Adams
Agus na ceithre scór bliain á cheiliúradh aige an mhí seo caitheann Pádraic Breathnach súil siar ar a rogha féin saothair
Ní gá gur tubaiste é go bhfuil an teanga beagáinín easnamhach ó thaobh nathanna nua-aimseartha, a deir Eoin Ó Cróinín
Bíonn dúshláin éagsúla roimh earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge, a deir Tadhg Mac Dhonnagáin
Tá dhá rud le déanamh ag an stát chun bonn níos buaine a chur faoi fhoilsitheoireacht na Gaeilge, a deir Darach Ó Scolaí
Is gá feabhas a chur ar na téada cumarsáide ach tá na leabhair ann agus tá scríbhneoirí na Gaeilge in ann scríobh, a deir Liam Mac Cóil
Tá deiseanna ann do scríbhneoirí na Gaeilge trí scéimeanna sparánachta, a deir Peter Sirr, comhairleoir i Roinn na Litríochta sa Chomhairle Ealaíon
Tugann Darach Ó Scolaí cuntas ar chúlra a úrscéil, Súil an Daill, agus ar Chonchúr Mac Ardail na staire
Léiríonn na trí leabhar eisceachtúla seo iarrachtaí luatha ábhar machnaimh a chur ar fáil do lucht na Gaeilge, a deir Pól Ó Muirí
Splancfhicsean le Pól Mac Uistín
Sliocht as úrscéal nua le Darach Ó Scolaí
Earra annamh is ea an dán a bheireann greim ar d’ae istigh is a chroitheann d’anam is a sciobann píosa díot féin leis, a deir Alan Titley
Ba mhór an dearbhú féiniúlachta Foclóir Aonteangach Gaeilge, a deir Dónall Ó Braonáin
Is léir ó dhá leabhar nua gur cheart Pádraic Breathnach a áireamh mar dhuine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge, a deir Seán Mac Risteaird
Léirmheas le Pól Ó Cainín ar leabhair le Réaltán Ní Leannáin
Tá beagnach 35 bliain caite ag Pól Ó Muirí i dtrínsí na hiriseoireachta Gaeilge agus aistear achrannach a bhí ann
Brian Ó Daimhín
Tá saothar Jackie Mhic Dhonncha neadaithe go domhain sa gcultúr dúchais a tháinig anuas chuig an údar le hoidhreacht, a deir Gearóid Denvir
Is mó duine a bhfuil ardmheas acu ar shaothar Bhreandáin Uí Eithir agus tá sé in am an saothar céanna a chur ar fáil arís, a deir Póilín Ní Chiaráin
Tá caint na linne seo le fáil go rábach san Fhoclóir Béarla-Gaeilge nua, ach táthar dílis chomh maith ann don dúchas, a deir Kevin Hickey
Ná glac le focal an ghúrú nach maireann, tóg id ghlac agus léigh féin do rogha saothair, a deir Liam Prút
Tá cnuasach gearrscéalta scríofa ag Eoghan Mac Giolla Bhríde a bhainfidh an anáil díot as feabhas na scéalaíochta agus as úire an mhachnaim, a scríobhann Pól Ó Muirí
Thuigfeadh an Ríordánach don ghalar agus thuigfeadh sé don bhagairt laethúil nó mhair sé faoi scáil na heitinne ar feadh na mblianta, a scríobhann Pól Ó Muirí
Tanka le Gabriel Rosenstock ag freagairt do shaothar ealaíne sa MET, Nua-Eabhrac
Tumtar muid i saothar agus i scéal den chéad scoth sa úrscéal is déanaí le Micheál Ó Conghaile, a deir Seán Mac Risteaird
Beidh blianta orainn sula mbeifear in ann a cheart a thabhairt o Joe Steve Ó Neachtain mar scríbhneoir i ngeall ar théagar is scóipiúlacht a shaothair, a áitíonn Dónall Ó Braonáin
Sliocht as ‘Sa Teach Seo Anocht’ úrscéal nua le Micheál Ó Conghaile
Aistriúchán nua le Darach Ó Scolaí ar ‘Na Cíoclóip’, sliocht as an Odaisé
Labhair Seán Mac Mathúna le Éilis Ní Anluain faoina óige ag bun na gCruach Dubh, mar a thosaigh sé ag scríobh, agus a ghaol leis an scríbhneoir Séamus Ó Dubhghaill
Spailpín macánta uasal ab ea Micheál Ó hAirtnéide, a deir Ailbhe Ní Ghearbhuigh, buaiteoir Ghradam Filíochta Mhichael Hartnett 2019
Seasann an mhil agus maireann an salann sa tsraith ‘File ar Fhile’, a deir Peter Sirr
Tá snáithe na staire fite le chéile ar dhóigh atá úr agus éagsúil ag Réaltán Ní Leannáin ina húrscéal nua, a deir Myra Zepf
Fear pinn soléite géarchúiseach magúil ab ea Tomás Ó Flaithearta, a deir Éamon Ó Cíosáin, eagarthóir an chnuasaigh nua gearrscéalta An Bhrachlann Mhór.
I sliocht as a leabhar nua ‘Titley’, déanann Máirtín Coilféir scagadh ar an teannas i saothar an údair idir an magadh agus an dáiríre, an eitic agus saoirse na samhlaíochta
Choinnigh an scríbhneoir Áine Ní Ghlinn dialann oibre agus seal á chaitheamh aici in Ionad Scríbhneoireachta an River Mill i gcontae an Dúin
(Tomás Mac Síomóin, Dánta Antonio Machado. Cois Life, 2019)
Ceist lárnach i léiriú na bhfear aige ab ea ceist na meabhairshláinte i ngearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain a deir Kevin Hickey
Seachain go mbeifí ag meascadh suas scríbhneoirí le garlaigh a samhlaíochta a deir Alan Titley sa bhfreagra seo ar an léirmheas a rinne Anna Heussaff an mhí seo caite ar a úrscéal Lámh, Lámh Eile
Bligeard d’fhocal é Breatimeacht, nó bligeardfhocal, a deir Pól Ó Muirí
Má tá athruithe á dtuar san Eoraip arís i láthair na huaire, is mithid athéisteacht le glór na scríbhneoirí a chuaigh romhainn, a deir Diarmuid Johnson
Cuireann Alex Hijmans síos ar an dlúthcheangal a mhothaíonn sé le litríocht scríbhneoirí ó chúlra inimirceach ina thír dhúchais féin, an Ísiltír
Údar áthais dúinn an an chéad chaibidil a fhoilsiú as ‘Lámh, Lámh eile’ úrscéal bleachtaireachta nua Alan Titley
Caitheann J.J.O’ Reilly súil ar dhearcadh James Joyce i leith na Gaeilge
Na cosúlachtaí eatarthu a chuir Máirtín Ó Cadhain agus Máirtín Ó Direáin in árach a chéile, a scríobhann Hynek Janoušek
‘Annamh a chastar cinsire beo ar dhuine, ach is duine dóibh Máirtín Ó Direáin’ (Inniu 12 Eanáir 1951).
Leabhar spreagúil faoin dúil sa bheatha é Cré na Cille, a deir Rashid Novaire
Sliocht atá anseo as an eagrán Nua-Ghaeilge de Tháin Bó Cuailnge atá á fhoilsiú ag Leabhar Breac an mhí seo. Is bunaithe ar an gComhrá Ceannchearchaille sa Leabhar Laighneach atá an sliocht seo i bhfíorthús na Tána.
Na leabhair a chuaigh i bhfeidhm ar ár léirmheastóirí in 2017…
Ba é Tomás Ó Floinn, a bhásaigh scór bliain ó shin, léirmheastóir mór na Gaeilge
Agus an dara céim den togra Portráid na Scríbhneoirí Gaeilge le seoladh, cuireann an scríbhneoir Regina Uí Chollatáin agus an grianghrafadóir Lára Ní Mhaoláin síos ar an taithí a bhí acu beirt ag obair as lámha a chéile
Tá oíche ómóis don scríbhneoir Éilís Ní Dhuibhne á reáchtáil ag an bhféile litríochta Gaeilge Imram an mhí seo, ómós atá tuillte go maith aici
Déanann Alex Hijmans cur síos ar na dúshláin a bhí roimhe agus Cré na Cille á aistriú go hÍsiltíris aige
Le Franz Kafka (aistrithe ag Dáithí Ó Muirí)
Athleagan ar ghearrscéal Eastóinise le Kristiina Ehin, bunaithe don chuid is mó ar leagan Béarla le Ilmar Lehtpere.
Má tá teanga ina suan féin, le dúthracht agus le díograis is féidir í a dhúiseacht arís. Sin ceacht scéal na Coirnise
Tá an t-úrscéal sa Mhanainnis 100 bliain níos óige ná an t-úrscéal Gaeilge. Cén bóthar a thug sé air féin? D’fhiosraigh Alan Titley an scéal
Comóradh ar shaol agus ar shaothar Phádraig Uí Fhiannachta a bhásaigh cothrom an ama seo anuraidh
Sliocht as Teach an Gheafta, úrscéal nua le Cathal Ó Searcaigh
Iniúchadh ar éifeachtaí an tráma ar an cholainn agus ar an tsícé agus an dóigh a gcuirtear iad in iúl i bhfilíocht Áine Ní Ghlinn agus Nuala Ní Dhomhnaill
Leanann Anna Heussaff lena haiste ar fhicsean bleachtaireachta na Gaeilge agus cuireann sí síos ar an modh oibre atá aici féin mar úrscéalaí.
Tá a maitheasaí féin ag baint le Léirmheas Leabhar ar TG4 ach is fearr a d’fheileadh sé, mar atá sé faoi láthair ar aon nós, don raidió.
Tá sé thar am cur leis an bplé faoin bhficsean bleachtaireachta sa Ghaeilge.
Tá spléachadh anseo, ó fhilí, scríbhneoirí, iriseoirí, léirmheastóirí agus foilsitheoirí, ar na leabhair is mó a chuaigh i bhfeidhm orthu i mbliana. Iarradh ar gach duine dhá leabhar a roghnú, leabhar Gaeilge amháin ar a laghad.